Caitriona Balfe
Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Caitríona Balfe |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 4 Deireadh Fómhair 1979 45 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath |
Teanga dhúchais | Béarla |
Airde | 178 cm |
Dath súile | Gorm |
Dathán gruaige | Gruaig dhonn |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Aisteoireacht scannáin |
Gairm | aisteoir (2009–), mainicín (1998–2008), léiritheoir scannáin |
Tréimhse oibre | 1998 – |
Teangacha | Béarla, an Ghaeilge agus an Fhraincis |
Gníomhaire | Modelwerk (en) , IMG Models (en) agus Elite Model Management |
Gradam a fuarthas
| |
|
Ban-aisteoir agus mainicín Éireannach is ea Caitríona Balfe, a rugadh ar 4 Deireadh Fómhair 1979 i mBaile Átha Cliath. Aithníonn an saol mhór í go háirithe de bharr a ról mar Claire Fraser sa tsraith Starz úd Outlander, ról a bhuaigh Gradam People's Choice di faoi dhó agus dhá cheann de na Gradaim Saturn. Ainmníodh í faoi dhó do Ghradam Golden Globe mar "bhanaisteoir is fearr".
Tógadh Caitriona i dTigh Damhnata, i gContae Mhuineacháin. Tá Gaeilge líofa aici. Sa bhliain 1999, agus í ag déanamh staidéir i dTeach an Cheoil agus Dráma in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, tairgeadh post mainicíneachta di i bPáras. Chaith sí deich mbliana ag déanamh feachtas fógraíochta agus ag obair ar rúidbhealaigh sular iompaigh sí ar ais ar an aisteoireacht.
Mainicíneacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug scabhta ó ghníomhaireacht mainicíneachta Balfe faoi deara agus í ag bailiú airgid ar son carthanachta taobh amuigh de shiopalann i mBaile Átha Cliath. Chuaigh sí leis an obair sin go lánaimseartha. Sna blianta 2002 agus 2003, thuill sí $300,000 nach mór ag obair mar mhainicín in Milano, san Iodáil, ach chuaigh an ghníomhaireacht bancbhriste agus ní bhfuair sí an t-airgead. Tharla rud cosúil leis sin arís sa bhliain 2009. (Mar gheall ar a leithéid bunaíodh an Model Alliance.)[1][2]
Ag smaoineamh ar an seal a chaith sí ag mainicíneacht, dúirt Balfe “Modeling wasn't a passion of mine so that made it get old kind of quickly. I was getting very frustrated.” Deir sí nach rachadh sí ar ais chuig an cheird sin go lánaimseartha.
Aisteoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh Balfe go Cathair Nua-Eabhrac mar a raibh mionpháirt aici sa scannán úd The Devil Wears Prada. Ansin chuaigh sí go Los Angeles agus rinne sí staidéar ar an aisteoireacht.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "€240,000 Of Lost Wages In Italy And A Year To Pay In LA". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 11 Samhain 2014. Dáta rochtana: 17 Feabhra 2017.
- ↑ "Fashion industry initiative cracks down on labels that don't pay models".
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |