Caithréim Cellaig
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Cuid den tsraith | |
Cuid de | Scéalaíocht na Ríthe |
I miotaseolaíocht na nGael, scéal de chuid Scéalaíocht na Ríthe is ea Caithréim Cheallaigh (Meán-Ghaeilge Caithréim Cellaig). Caomhnaítear dhá leagan den scéal, an ceann is sine i lámhscríbhinn de chuid na 15ú haoise, agus an ceann is óige i Leabhar Buí Leacáin i láimh eile. Téann an dá leagan siar go dtí am éigin idir na 13ú agus 14ú haoiseanna.
Scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Timpeall lár na 6ú nó 7ú haoise, manach is ea Ceallach mac Eoghain Bhéil i Mainistir Chluain Mhic Nóis. Maraítear a athair, rí na gConnacht, ag tríd in éadan na nUlad agus fágann Ceallach an mainistir chun teacht i gcomharbacht air. Cuireann Naomh Ciarán, abb Chluain Mhic Nóis, mallacht air áfach, agus troideann a chéile comhraic Guaire Aidne mac Colmáin go crua ina éadan. Socraíonn sé dá bharr éirí as a choróin ar son a dhearthár níos óige agus dul ar ais go dtí an mainistir.
Tá beatha chomh feabhas sin aige sa mhainistir go n-éiríonn sé ina dlúth-chomhairleoir dá dheartháir agus déantar easpag de. Tá a namhaid Guaire Aidne míshásta leis seo, agus déanann sé é a mharú ag ceathrar marfóirí. Baineann Muireadhach a dhíoltas amach ar mharfóirí a dhearthár, ach i ndeireadh na dála maraíonn Guaire é freisin.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Miotaseolaíocht na nGael
- Eógan Bél, rí Chonnacht
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bernhard Maier, Lexikon der keltischen Religion und Kultur, Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Caithréim Cellaig Curtha i gcartlann 2021-05-25 ar an Wayback Machine ar CODECS