Caisleán Uí Bhriain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán Uí Bhriain
Íomhá
Sonraí
CineálTúrtheach
Croineolaíocht
1652 díobháil
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinInis Oírr, Éire
Map
 53°03′43″N 9°31′09″W / 53.062°N 9.51916°W / 53.062; -9.51916
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir41.07

Is túrtheach ón 15ú haois agus Séadchomhartha Náisiúnta é Caisleán Uí Bhriain atá suite in Inis Oírr.[1][2][3][4] Tá sé suite ar cheann de na pointí is airde ar an oileán.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí ráth darb ainm Dún Formna[5] ar an suíomh tráth. Creidtear gur tógadh é idir an 5ú haois R.Ch. agus an 1ú haois AD.[6][7][8]

Ba iad Clann Teige, craobh de mhuintir chumhachtach Uí Bhriain, a thóg an caisleán go luath sa 15ú haois, timpeall na bliana 1400.[9] Ghabh muintir Uí Fhlaithbheartaigh é timpeall na bliana 1582. Ghabh arm Oilibhéir Cromail é sa bhliain 1652 agus rinneadh díobháil dó, le linn Chogaí Chromail in Éirinn.[10]

Foirgneamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is daingean dronuilleogach é an caisleán. Ar dtús, chuaigh an doras isteach sa chaisleán ar an gcéad urlár, agus thagtaí air trí staighre adhmaid seachtrach.

Halla mór ab ea an chéad urlár iomlán, le staighre suas go dtí an forbhalla. Bhí íoslach nó seomra stórála ar urlár na talún, le trí sheomra bhoghtacha. Tá coirbéal bartasáin le feiceáil agus aghaidh dhaonna snoite isteach ann. [11]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Inisheer Island | Aran Islands West of Ireland Vacations”. www.discoveringireland.com.
  2. Steves (29 May 2018). “Rick Steves Best of Ireland”. Avalon Publishing.
  3. Vaughan-Thomas (25 September 1980). “Secret landscapes: mysterious sites, deserted villages, and forgotten places of Great Britain and Ireland”. Select Editions.
  4. Country Life” (25 May 1969).
  5. eDIL – Irish Language Dictionary”. www.dil.ie.
  6. Spellissy (1 January 1999). “The history of Galway”. Celtic Bookshop.
  7. The Mystery of the Aran Islands- Dún Formna”. aran-islands-tsunami-shelters.com.
  8. O'Brien's Castle | Inisheer, Ireland Inisheer”. www.lonelyplanet.com.
  9. Murray (publishers) (25 September 1866). “Handbook for travellers in Ireland”.
  10. OBriens Castle – Doolin Ferry – Aran Island Ferries – BOOK NOW”.
  11. An Caisleán / O'Briens Castle » Rothaí Inis Oírr – Inisheer Bike Hire”.