Cairéal Dinorwig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCairéal Dinorwig
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálcairéal
suíomh seandálaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1787
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilteIúil 1969 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Táirgeslinn Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Suíomh geografach
  • Map

Iar-chairéal slinne is ea Cairéal Dinorwig, atá anois ina cheanncheathrú den Amgueddfa Lechi Cymru (Gaeilge:Músaem Slinne Náisiúnta), atá suite idir sráidbhailte Llanberis agus Dinorwig sa Bhreatain Bheag. Nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa ag casadh an chéid, ba é an dara cairéal slinne is mó sa Bhreatain Bheag é (agus mar sin, ar domhan), tar éis cairéal Penrhyn in aice láimhe, gearr do Bhethesda.[1] Chlúdaigh Dinorwig 383 ha, ina raibh dhá phríomhchairéil agus 20 áiléar i ngach ceann díobh. Cheangail córais trambhealaigh fairsinge inmheánacha na cairéil ag úsáid línte claonta chun sclátaí a iompar idir áiléir.[2] Ó dúnadh é i 1969, tá an cairéal anois ina shuíomh don Mhúsaem Slinne Náisiúnta, áit rialta scannánaíochta agus ceann scríbe guaisdhreapadóireachta carraige .

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Walter Warwick Vivian, bainisteoir Dinorwig, sa bhliain 1896

Rinneadh na chéad iarrachtaí tráchtála ar mhianadóireacht slinnte i 1787 nuair a fuair comhpháirtíocht phríobháideach léas ón úinéir talún, Assheton Smith. Cé gur éirigh measartha maith leis seo, chuir tús an chogaidh leis an bhFrainc, cánacha agus costais iompair srian le forbairt an chairéil. Bunaíodh comhpháirtíocht gnó nua faoi cheannas Assheton Smith nuair a chuaigh an léas in éag in 1809 agus tháinig borradh faoin ngnó tar éis trambhealach capaill a thógáil go Y Felinheli in 1824. Ag a bhuaic ag deireadh an 19ú haois, "when it was producing an annual outcome of 100,000 tonnes", , d'fhostaigh Dinorwig níos mó ná 3,000 fear agus ba é an dara táirgeoir slinnte, ó mhianach dromchla, is mó sa tír. Cé nac raibh ach 2,000 fostaithe ann faoi 1930, lean sé i dtáirgeadh go dtí 1969.

Cairéalaithe ag scoilteadh sclátaí ag Cairéal Dinorwig, An Bhreatain Bheag. c. 1910

Cairéalacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cairéal Dinorwig, ina dtaispeántar mórchlaonta, muilte, leibhéil, agus trambhealaí, agus Iarnród Phadarn (Rheilffordd Padarn) agus Iarnróid Dinorwig (Rheilffordd Dinorwig)

Tá an fhéith mhianrach ag Dinorwig beagnach ingearach agus suite ar dhromchla an tsléibhe nó in aice leis, rud a fhágann gur féidir é a oibriú i sraith d'áiléir chéimneacha. Ní mar sin a d’fhorbair an cairéal go hiomlán, áfach.

Scaipeadh an chéad chairéal thar roinnt suíomhanna: Adelaide, Allt Ddu, Braich, Bryn Glas, Bryn Llys, Chwarel Fawr, Ellis, Garrett, Harriet, Matilda, Morgan's, Raven Rock, Sóifia, Turner, Victoria, agus Wellington. Mhair an scéal mar seo le blianta fada, go dtí lár na 1830í.

Thug an t-iarnród 1824 fadhbanna iompair. Ní raibh táirge ó na cairéil uachtaracha ina fhadhb, ach bhí cairéil Wellington, Ellis, Turner, Harriet agus Victoria faoi leibhéal an iarnróid. Réitíodh an fhadhb seo sna 1840idí nuair a tógadh an iarnród ag leibhéal an locha, agus thosaigh an cairéal mar is eol dúinn é ag teacht chun cinn.

Rinneadh cairéal Adelaide mar chuid den Allt Ddu, agus nascaíodh Chwarel Fawr agus Chwarel Goch leis freisin. Sa ‘Chairéal Mór Nua’, rinneadh cairéal ollmhór amháin de Chairéil Raven Rock agus Garret, ag oibriú mar chairéal áiléir oscailte ar thaobh cnoic, agus rochtain ag tolláin ar an dá leibhéal is ísle. Tá cairéal Harriet, Morgans agus Sóifia fós inaitheanta mar chlaiseanna ar leith inniu, miaor a rinneadh oibriú mór ar chairéal Braich de thrí chlais bheag atá buailte ar a chéile. Thíos faoi seo, ceanglaíodh áiléir Victoria agus Wellington le chéile ar thaobh an chnoic agus lean siad orthu síos in dhá phríomhoibríocht ar leith: Wellington agus Hafod Owen. Sa deireadh, bhí roinnt doirtel beag i ngach ceann acu freisin, cuid acu faoi leibhéal an locha. Níl mórán difríochta idir foirm reatha an chairéil agus a fhoirm aimsir an Chogaidh Mhóir, ach amháin tá aghaidheanna iarbhír an chairéil méadaithe agus na doirtil doimhnithe. Cinnte, bhí na príomhchlaonáin ar fad i bhfeidhm, is beag a athraíodh go dtí gur dúnadh é.

Osclaíodh cairéal Mharslyn in aice láimhe sna 1930idí chun rochtain a sholáthar ar an bpríomhfhéith slinne níos airde suas an sliabh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Jones, R. Merfyn. 1981. The North Wales quarrymen, 1874-1922, Studies in Welsh history 4. University of Wales Press; ISBN 0-7083-0776-0
  2. Carrington D.C. and Rushworth T.F. (1972). "Slates to Velinheli: The Railways and Tramways of Dinorwic Slate Quarries, Llanberis and the Llanberis Lake Railway". Maid Marian Locomotive Fund.