Caipín buailte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Caipín buailte

Soitheach beag le lucht pléascach, forbairt i dteicneolaíocht na n-arm sa 19ú céad. Le titim casúir, adhantar an caipín agus madhmann sé sin an príomhlucht tiomántáin sa chartús. Ba chéim bhunúsach í i bhforbairt na mionarm nua-aoiseach le cartúis agus caipín buailte i lár an bhoinn.