Jump to content

Crá (scéinséir TG4)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó CRÁ (clár teilifíse))
Bosca Sonraí Sraith TeilifíseCrá
CRÁ
Seánracoirdhrámaíocht
TírÉire
Bunteangaan Ghaeilge
Bealach teilifíseTG4
An chéad eipeasóid11 Samhain 2024
Líon eipeasóidí6
Tuilleadh eolais
IMDB: tt33268051 TMDB.org: 276466 Cuir in eagar ar Wikidata

Sraith teilifíse Ghaeilge a bhaineann le fiosrúchán dúnmharaithe é Crá a craoladh ar TG4 ón Luan 11 Samhain 2024. Tháinig Crá i gcomharbacht ar shaothair amhail Doineann (2021), Corp + Anam (2011-2014) agus An Bronntanas (2014),[1]

Dónall Ó Héalaí, 2024

Cuirtear tús le fiosrúchán dúnmharaithe nuair a aimsítear corp mháthair an Gharda áitiúil, Conall Ó Súilleabháin (Dónall Ó Héalaí agus éiríonn le Ó Héalaí canúint Uladh a thabhairt leis go paiteanta). Tá cosc iomlán ar Chonall páirt a ghlacadh san fhiosrúchán ach níl baol air fanacht glan ar an gcás.

Socraíonn iriseoir óg, Ciara-Kate (Hannah Brady), podchraoladh faoin gcás a thosú agus tugann Conall faoi deara go bhfuil Ciara-Kate in ann eolas a fháil ó dhaoine nach bhfuil sásta labhairt leis na Gardaí.

Más mian le Conall an chóir a éileamh beidh air dul i mbun oibre leis an iriseoir seo. Ní fada go bhfaightear amach go bhfuil aistear gruama i ndán don bheirt acu.[2]

Bhí Fíbín Films taobh thiar den tsraith choiriúlachta Crá.[3]

Léirmheastóireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luaigh léirmheastóir Y Cymro na radharcanna de mhachairí Thír Chonaill, de mhullach na hEaragaile, agus de thonnta fiáine an Atlantaigh ar suáilcí na sraithe, mar aon leis an dteanga álainn. Tá comharthaí sóirt uilig an dráma bleachtaireachta ann le smut den ghreann dubh, a deir sé, ach shíl sé gnéithe de a bheith amaitéarach. Chuir cuid de na fo-aisteoirí drámaí luatha S4C i gcuimhne dó, ach is deacair na súile a thógáil de na príomhaisteoirí, dar leis. Bhain sé sult as an sraith agus mhol sé do dhaoine gan Ghaeilge é a thriail leis na fotheidil Béarla ar sheinnteoir TG4 nó BBC TÉ.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]