Comhairle Pobal Dílseach
Sonraí | |
---|---|
Cineál | eagraíocht |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 2015 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Scáthghrúpa do na paraimíleataigh dhílseacha is ea an Chomhairle Pobal Dílseach nó an CPD[1] a labhraíonn thar ceann an UVF agus an UDA. Bunaíodh an CPD in 2015 mar scátheagras don UVF, CCU agus Red Hand Commando, chun cuidiú leo scor ó pharaimíleatachas, nó "claochlú" mar a tugadh air ag an am. Ach is ionadaithe na ngrúpaí paraimíleatacha dílseacha iad i gcónaí.[2]
Inniu tá na paraimíleataigh gníomhach agus ag earcú ball nua. Sceith bhéil is ea daoine sa CCU (agus san UVF) as coiriúlacht, mangaireacht drugaí, sracadh airgid ó lucht gnó agus imeaglú. Ba é cuspóir na CPD cuidiú leis na paraimíleataigh cúl a thabhairt le lámh láidir agus coiriúlacht. Inniu, is léir go bhfuil teipthe ar an bpróiseas claochlaithe.
Eachtraí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2021, d'fhógair an CPD nach dtacaíonn siad le Comhaontú Aoine an Chéasta níos mó i ngeall ar an bPrótacal iarBhreatimeachta., nó Creat Windsor.[2][3]
Dúirt an SPTÉ in 2024 go raibh daoine fós á n-earcú ag na paraimíleataigh agus daoine ann a úsáideann lipéid an UDA agus UVF gníomhach mar mhangairí drugaí, ag sracadh airgid ‘chosanta’ ó lucht gnó agus coiriúlacht eile. Dúirt an SPTÉ in 2024 nach mbuailfeadh siad leis an CPD agus dúirt an Státrúnaí nua Hilary Benn an rud céanna.[2][4]
Tá an CPD ag cur go láidir in aghaidh bunscoil Ghaeilge a bhunú in oirthear Bhéal Feirste. Bhuail Aire Oideachais Stormont, Paul Givan leis an LCC i mí Mheán Fómhair 2024. Tuigtear gur chuir an LCC a ndearcadh ar an gceist in iúl do Givan sa chruinniú. I mí Dheireadh Fómhair 2024, bhí cáineadh déanta ar Aire Pobal Stormont, Gordon Lyons ón DUP, faoi chruinniú a bheith aige leis an CPD tar éis gur dhiúltaigh sé cruinniú a bheith aige le Conradh na Gaeilge.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó Comhairle na bPobal Dílseach; i mBéarla, an Loyalist Communities Council nó LCC
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Póilín Ní Chiaráin (29 Meán Fómhair 2024). "Scoil na Seolta agus an sean-DUP frithGhaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-29.
- ↑ RTÉ News (2021-03-04). "Loyalists withdraw support for Good Friday Agreement" (as en).
- ↑ newsletter.co.uk (2024-09-26). "The Loyalist Communities Council (LCC) hits back at critics after objecting to new Irish language school in east Belfast". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-09-26. Dáta rochtana: 2024-09-29.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-11). "Cruinniú ag aire eile ón DUP le dílseoirí" (as ga-IE).