Cloch Oghaim Chluain Muirís
Cloch Oghaim Chluain Muirís | ||||
---|---|---|---|---|
| ||||
Is séadchomhartha ársa é Cloch Oghaim Chluain Muirís, suite i gContae Liatroma, Éire.
Suíomh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í an chloch an t-aon chloch Oghaim amháin a fhaightear i gContae Liatroma. Tá sí suite i dtailte na heaglaise Naoimh Mhichíl i mBarr na Cúile.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Téann an chloch siar go dtí c. AD 400-550, agus scríobhadh í b'fhéidir roimh an gcoimriú deiridh.[1][2] Scrúdaigh Mac Neill í sa bhliain 1909, nuair a bhí sí ina leac uaighe do chlann Uí Chealachóir "os chomhair lár an bhalla binne thoir d'fhothrach" na heaglaise Chluain Muirís.
Cur síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an chnoc c. 0.85 m ar fad. Is deacair é na hinscríbhinní síonchaite a léamh:
Chonaic Korlev san inscríbhinn:
- G(A)T[TAGNI MAQI MUCOI (?)] QENUVEN[DI]
agus mhol Gippert (1978):
- QENOVENAGNI MAQI C MUCOI LUGUDDECCAS
- Cenannán mhic Ceise chlainne Lugdech?[3]
Mheas MacNeill gurbh amhlaidh gur cuireadh i gcuimhne inti Qenuvin-dagnas. Sa Bhreatain Bheag, feictear an t-ainm 'Qennovindagni' in inscríbhinn Laidine ag Parcau gar do Whitland i gCarmarthenshire,[4] agus creidtear gur duine Gaelach atá i gceist.[5] Tugadh faoi ndeara ag scoláirí go bhfuil Cluain Muirís ach urchar méaróige ón teorainn idir Longfort agus Liatroim, agus an chloch ina déanamh i gcríocha stairiúil na Conmhaícne a scaradh tráth ríocht na Mí ó chúige Connacht.[3]
Sa bhliain 1978, bogadh an chloch go seastán gar do bhealach isteach na heaglaise, ach cuireadh ann bun os cionn í.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Davies, Graham-Campbell: "Celtic Inscribed Stones" (1999).
- Davies, Graham-Campbell: "Celtic Inscribed Stones" (1999).
- Swift, Catherine (2002). "Ogam Stones in Sligo and their Context" Celebration of Sligo: First Essays for Sligo Field Club: 127–140. Sligo Field Club.
- MacNeill, John (1909). "Ogham Inscription at Cloonmorris, Co. Leitrim" The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland. Proceedings and papers. Vol. XXXIX: 132–136. Royal Society of Antiquaries of Ireland.
- "Ogam Inscription: CIIC no. 002" (1996).
- "Cenannán m. Áil of the Airgialla" (2013.).
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Megalithic monuments of Ireland Cloonmorris OghamStone ar megalithicmonumentsofireland.com
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Swift 2002, pp. 134–5, 137.
- ↑ 2.0 2.1 Davies, Graham-Campbell 1999, pp. CLOOM/1. sfn error: multiple targets (2×): CITEREFDavies,_Graham-Campbell1999 (help)
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Gippert 1996.
- ↑ Davies, Graham-Campbell 1999, pp. HENLL/1. sfn error: multiple targets (2×): CITEREFDavies,_Graham-Campbell1999 (help)
- ↑ MacNeill 1909, pp. 135.