C.P.D. Dinas Abertawe
| Sonraí | ||||
|---|---|---|---|---|
| Leasainm | The Swans, The Jacks | |||
| Cineál | club sacair | |||
| Dáta a bunaíodh | 1912 | |||
| Gníomhaíocht | ||||
| Spórt | sacar | |||
| Sraith spóirt | Football League Championship | |||
| Ionad baile | Staidiam Liberty: Abertawe . 20,750 | |||
| Rialachas corparáideach | ||||
| Ceanncheathrú | ||||
| Uachtaránacht | ||||
| Príomhchóitseálaí | ||||
| Úinéir | Jason Levien (en) | |||
| Úinéir de | ||||
| Eile | ||||
| Dath | bán, dubh | |||
| Trealamh spóirt | ||||
| ||||
| Suíomh gréasáin | swanseacity.com | |||
Club peile Breatnach gairmiúil lonnaithe in Abertawe, i ndeisceart na Breataine Bige, is ea Clwb Pêl-droed Dinas Abertawe nó Swansea City Association Football Club. Imríonn an club sa Premier League. Imríonn siad ar son Shasana sna comórtais ar mhór-roinn na hEorpa, ach d’imir siad in ainm na Breataine Bige freisin ar uairibh san am a chuaigh thart. Is i Staidiam Liberty a bhíonn a gcuid cluichí baile.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bunaíodh an fhoireann sa bhliain 1912 leis an ainm Swansea Town AFC. Comhscór 1–1 le foireann Caerdydd toradh a gcéad chluiche ghairmiúil sa bhliain chéanna. Chuaigh siad isteach san English Football League sa bhliain 1921. Sa bhliain 1969 ghlac siad an t-ainm atá acu inniu, .i., Swansea City, mar tugadh stádas mar chathair go hAbertawe sa bhliain úd. Go dtí an bhliain 2005, d'imir siad i Vetch Field (Faiche na bPeasaire). Imríonn siad ag Staidiam Liberty ó shin i leith.
Cé nár áiríodh C.P.D. Dinas Abertawe ar na foirne móra den spóirt i gcónaí (níor bhain siad an First Division amach ach aon uair amháin, sa séasúr 1981–82), tá an fhoireann i measc na bhfoirne sacair is tábhachtaí sa Bhreatain Bheag, agus tá Craobh na Breataine Bige buaite acu 9 n-uaire agus an FAW Premier Cup faoi dhó. Bhuaigh an club Corn an Footbal League i gcluiche a bhuaigh siad 5–0 i gcoinne Bradford sa bhliain 2013.

Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil Swansea City AFC
- Swans Commercial Suíomh trádálach oifigiúil na Swans
- Provider McArdle Sport-tec Curtha i gcartlann 2014-03-26 ar an Wayback Machine Stádas a Dó bainte amach ag Acadamh C.P.D. Dinas Abertawe
Suíomhanna neamhspleácha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol a bhaineann le spórt é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
