Córas na dtrí aois

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Christian Jürgensen Thomsen

Is éard atá i gceist le Córas na dtrí aois ná roinnt chroineolaíoch réamhstair an tSeandomhain i 3 aois: an chlochaois, an chré-umhaois, agus an iarannaois, bunaithe ar smaointe clasaiceacha ar an am atá thart.

Luadh den chéad uair é i dtaobh na seandálaíochta nuair a bhain an Danmhargach Christian Jürgensen Thomsen feidhm as chun na bailiúcháin seandálaíochta sa Mhúsaem Náisiúnta i gCóbanhávan a rangú i 1819.

Tháinig sé chun suntais níos leithne le foilsiú Letetraad til Nordisk Oldkyndighed (Treoraí do Sheaniarsmaí an Tuaiscirt, 1836) de chuid Thomsen, agus Danmarks Oldtid (Seaniarsmaí na Danmhairge, 1843) de chuid Jens Worsaae, mac léinn Thomsen, as Béarla.

Fo-roinneadh an chlochaois i ré Phailéiliteach (seanchlochaois, tréithrithe le clocha scealptha) is ré Neoiliteach (nua-chlochaois, tréithrithe ag uirlisí snasta cloiche) ag an seandálaí Sasanach John Lubbock ina leabhar Prehistoric Times (Aoiseanna Réamhstairiúla, 1865).

Tugadh an ré Mhéisiliteach ar an 5 mhílaois díreach i ndiaidh an mhóroighrithe seo caite (timpeall 10,000 bliain ó shin) ag an am sin freisin.

Tugadh an ré Chalcailiteach ar an gcoparaois nó an luathchré-umhaois i bhfad níos deireanaí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Córas na dtrí aois". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 171.