Círichleachtadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Círichleachtadh

Staidéar ar ghalar is sláinte i leith ailíniú na gcnámh sa chreatlach is a ngaolta anatamaíocha leis na néaróga is na matáin sa cholainn. Bhunaigh an lia Meiriceánach Daniel David Palmer (1845-1913) an disciplín i 1895. Le cnámha an dromlaigh is mó a phléann an círichleachtóir, agus le pian is míchompord a éiríonn ó dhrochshuíomh, brú na gcnámh, nó franga na matán sa mhuineál, an droim nó an peilbheas, meastar. Déantar cóireáil ar na riochtaí seo le láimhsiú, mar mhalairt ar dhrugaí nó máinliacht, ag iarraidh feidhmiú a thabhairt ar ais d'ailt an dromlaigh nó na hailt pheilbheacha, chun brú nó greannú a mhaolú ar néaróga a fhéadfaidh tús a chur le míchompord nó feidhmiú suaite. Uaireanta, áfach, is féidir nach mbeidh an díagnóis iomlán nó cruinn, go ndéanfaidh an láimhsiú an riocht níos measa, nó nach bhfaighidh an duine an chóireáil chuí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Círichleachtadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 139.