Bunreacht Phoblacht na Róimhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é atá i mbunreacht Phoblacht na Róimhe sraith norm agus gnásanna neamhchódaithe a bhí, in éineacht le roinnt dlíthe scríofa, mar threoir ag rialachas nós imeachta Phoblacht na Róimhe. D’fhás an bunreacht as bunreacht Ríocht na Róimhe agus d’fhorbair sé go substaintiúil agus go suntasach – a mhéid sin nach raibh sé inaitheanta a thuilleadh – thar bheagnach cúig chéad bliain den phoblacht. Mar gheall ar thitim an rialtais phoblachtaigh agus na noirm ag tosú in 133 RCR, tháinig Ágastas agus a principatus chun cinn.

Is féidir an bunreacht poblachtach a roinnt ina thrí phríomhbhrainse:

  • na Tionóil, comhdhéanta den phobal, a bhí mar ardstór na cumhachta polaitiúla agus a raibh an t-údarás acu giúistísí a thoghadh, glacadh le dlíthe nó diúltú dóibh, ceartas a riar, agus cogadh nó síochán a fhógairt;
  • an Seanad, a thug comhairle do na giúistísí, ag gníomhú dó go príomha trí bhíthin a thionchair féin seachas trí údarás dlíthiúil;
  • na giúistísí, tofa ag an bpobal chun an phoblacht a rialú, agus cumhachtaí reiligiúnacha, míleata agus breithiúnacha á bhfeidhmiú acu, agus an ceart acu bheith i gceannas ar na tionóil agus iad a ghairm.

Forbraíodh córas casta srianta agus ceartúchán i measc an trí bhrainse sin. Mar shampla, go teoiriciúil bhí an chumhacht ar fad ag na tionóil, ach b’iad na giúistísí a ghairm agus a rialaigh iad, giúistísí a d’imir tionchar smachtúil orthu toisc go raibh siad in ann an díospóireacht a rialú. Bhí giúistísí eile in ann imeachtaí a chrosadh os comhair na dtionól, cé gurbh annamh a bhí sé sin go dtí an poblacht dhéanach. Ar an dóigh chéanna, chun cumhacht na ngiúistísí a shrianadh, bhí gach giúistís in ann ceann dá gcomhghleacaithe a chrosadh agus thogh na pleibigh treabhainn a d’fhéadfadh idirghabháil a dhéanamh chun gníomhaíochtaí giúistís a chrosadh.

Cé go raibh bunreacht na poblachta somhúnlaithe agus athraitheach, bhí noirm aige mar sin féin a bhí daingnithe go substainteach. D’fhorbair institiúidí amhail na consail, an seanad agus treabhainn go suntasach sa luathphoblacht ach bhí siad measartha seasmhach ón gceathrú haois RCR. Ag tosú ó thréimhse ina raibh an lámh in uachtar ag na paitrígh, le Coinbhleacht na nAicmí, tugadh cearta polaitiúla comhionanna, faoi dheireadh, do shaoránaigh ar phleibigh iad, agus cruthaíodh, ag an am céanna, an treabhannáid chun cumhacht na bpaitríoch a shrianadh agus tugadh údarás reachtach iomlán do thionól na bpleibeach, tionól a bhí comhdhéanta de phleibigh na Róimhe. Ní raibh an bunreacht go hiomlán neamhscríofa ach an oiread toisc gurbh ann do go leor dlíthe ar teastaíodh athruithe nós imeachta ina leith nó lenar athraíodh líon na ngiúistísí a toghadh.  

Sa phoblacht dhéanach, chlis ar aontacht na héilíte agus, mar thoradh air sin, ní raibh smacht ar an stát ach ag líon teoranta teaghlach mór le ró laistigh den éilít. De bharr acmhainní na gcúigí agus chultúr an fhoréigin pholaitiúil a bhí ag méadú, ardaíodh an iomaíocht i measc éilít na Róimhe agus, ag an am céanna, lagaíodh na noirm pholaitiúla phoblachtacha lenar coinníodh an aontacht. Le dlisteanú an fhoréigin a bhí ag dul i méid agus toisc go raibh an chumhacht á lárú i níos lú agus níos lú fear, bheadh an Róimh, mar gheall ar chliseadh na muiníne in institiúidí na poblachta, ag dul i dtreo cogadh cathartha agus dhéanfadh Ágastas réimeas uathlathach di, réimeas a bheadh folaithe le híomhánna poblachtacha agus dlisteanacht.


Tionóil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cairt ina léirítear córas srianta agus ceartúchán Phoblacht na Róimhe

De réir dhlí bunreachtúil na Róimhe, údarás ceannasach a bhí sna tionóil agus bhí an chumhacht acu aon dlí a achtú nó a dhiúltú, aon ghiúistíseacht a bhronnadh, agus aon chinneadh a dhéanamh. Tháinig an dearcadh sin de cheannasacht an phobail ón tuiscint Rómhánach gurbh ionann an pobal agus an stát (nó an rialtas). Le dlí aonair, bhí an t-údarás ag an bpobal - agus iad cruinnithe mar is cuí - chun treis a ghabháil ar noirm agus fasaigh na poblachta agus dlíthe ársa nár athraíodh le fada. Bhain dhá ghné riachtanach le haon tionól: (1) an giúistís a ghaireann an tionól agus (2) na saoránaigh sa tionóil féin. Níor ghlac tionóil páirt sna hábhair a cuireadh faoin mbráid ná níor phléigh siad iad. D’éist siad leis na cainteoirí a chuir an t-oifigeach ceannais chun tosaigh. Agus tar éis plé den sórt sin, d’iarrfadh an t-oifigeach ceannais go gcaithfí vóta díreach i gcoinne nó i bhfabhar an ábhair. Gan ghiúistís, ní bheadh éinne ann chun an tionól a ghairm; agus gan na saoránaigh - nó ar a laghad na daoine sin a dhéanann ionadaíocht do na saoránaigh arna roinnt ina mbloic vótála - níl ann ach giúistís. Ní raibh an pobal Rómhánach ar fad (populus Romanus) mar chuid de Thionóil toisc nár ceadaíodh ach do shaoránaigh fhireanna fhásta páirt a ghlacadh iontu. Is é ba dhóichí gurbh iad baill den uasaicme is mó go mór fada a tháinig i ndáiríre chun na Tionóil a bhunú toisc go raibh an t-am saor acu chun polaitíochta. Ní raibh siopadóirí ar bith den mheánaicme sa Róimh: bhí sí roinnte ar bhealach an-éagothrom idir an fho-aicme ollmhór agus an beagán a bhí iontach saibhir. Go dtí an Cogadh Sóisialta timpeall 90 RCR, bhí toirmeasc freisin ar Iodálaigh nach Rómhánaigh iad vóta a chaitheamh toisc nach raibh saoránacht acu lenar bhain cearta vótála. Mar thoradh ar an gcogadh cathartha sin, idir an Róimh agus a comhghuaillíochtaí Iodálacha, ritheadh roinnt dlíthe lenar deonaíodh saoránacht agus cearta vótála dá gcomhghuaillíochtaí Iodálacha. Fiú tar éis leathnú mór na saoránachta i ndiaidh an Chogaidh Shóisialta, áfach, ní dhearna na Rómhánaigh aon iarrachtaí sa tréimhse phoblachtach an vótáil a dhéanamh níos fusa ná na tionóil a dhéanamh níos ionadaíche. Níor gaireadh vótálacha riamh ar laethanta margaidh ar lena linn a bhféadfadh sé go mbeadh saoránaigh thuaithe i láthair sa chathair; lean nósanna imeachta dothuigthe agus fadálacha ar aghaidh gan aon athrú. Ba é ba chúis leis sin, i bpáirt, ná nár cheap na Rómhánaigh gur leis an bpobal qua multitude a bhí an dlisteanacht, ach, ina ionad sin, gur leis an mbeagán a bhí cruinnithe mar thionól struchtúrtha ag comhlíonadh rialacha nós imeachta agus ag déanamh ionadaíocht go siombalach ar thoil an phobail a bhí sí.

Nós imeachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí trí chineál tionóil ann: comitia, concilium, agus contio. Is é a bhí sa chéad dá cheann tionól foirmeálta ina ndearnadh cinntí. Is é a bhí sa chéad cheann, comitia (nó comitiatus), tionól de na saoránaigh Rómhánacha ar fad a gaireadh chun gníomhaíochtaí dlí a dhéanamh, amhail dlíthe a achtú, giúistísí a thoghadh, agus cásanna breithiúnacha a thriail. An chomhairle (concilium) a bhí sa dara cineál cruinnithe reachtaigh, arb é a bhí inti ná cruinniú de shainghrúpa saoránach. Mar shampla, is do phleibigh amháin a bhí concilium plebis nó comhairle na bpleibeach. Is é a bhí sa tríú cineál tionóil, an coinbhinsiún (contio), fóram neamhoifigiúil le haghaidh cumarsáide inar bhailigh saoránaigh le chéile chun éisteacht le fógraí poiblí agus le hargóintí a pléadh trí bhíthin óráidí agus chun féachaint ar cheistiú nó bású coirpeach. Ní dhearnadh aon chinntí dlíthiúla sa tionól sin. Bhuail vótálaithe le chéile in contione chun plé a dhéanamh roimh dóibh teacht le chéile i dtionóil nó comhthionóil chun vóta a chaitheamh. Bhí na contiones sin an-choitianta agus thug siad deis do pholaiteoirí dul i dteagmháil leis an bpobal agus aiseolas a fháil ar a gcuid tograí, cé nárbh fhéidir sin a dhéanamh ná a fháil ach ó cibé slua a bhailigh le chéile ar lá an contio féin, agus d’fhéadfadh sé gur bheag cosúlacht a bheadh idir an slua sin agus an slua a chaith vóta ar an togra críochnaitheach. Bhíothas go súil freisin go ndéanfaí líon suntasach gnó phoiblí go poiblí agus os comhair an phobail, rud a d’fhág go raibh orthu contiones rialta a eagrú i gcomhair gnóthaí ó fhoraitheanta an tseanaid a léamh go cúigí a thabhairt suas. D’fheidhmigh tionóil agus comhairlí i gcomhréir le nósanna imeachta seanbhunaithe a ndearna ágair maoirseacht orthu. Ní raibh an ceart maidir le tionscnamh reachtach ag na tionóil, in ionad sin is iad na giúistísí a ghair iad agus níor vótáil siad ach ar ábhair a chuir an giúistís ceannais os a gcomhair. Bhí an chumhacht a deonaíodh do ghiúistís de chineál gurbh fhéidir leis diúltú do vótaí a thug bloc vótála agus a iarraidh air athmhachnamh a dhéanamh ar a rogha. I gcaitheamh na mblianta, ritheadh dlíthe lenar ceanglaíodh ballóid scríofa a bheith ann, lena ndearnadh iarracht imeaglú vótálaithe a laghdú, agus lenar bunaíodh nósanna imeachta chun súil a choinneáil ar an vótáil agus an chalaois vótála a chosc. I gcás toghchán, ba chuma cé a fuair an líon is mó vótaí, ach, ina áit sin, bhí sé níos tábhachtaí cé a d’fhéadfadh formheas a fháil ar dtús ó thromlach na mbloc vótála. Níor mhór na vótálacha ar fad a chríochnú laistigh d’aon lá amháin agus níor mhór iad a dhéanamh arís i gcás inar cuireadh isteach orthu nó inar éiríodh astu.

Cineálacha tionól[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eagraíodh saoránaigh Rómhánacha i dtrí chineál aonaid vótála: curiae, centuria agus tribus nó treibheanna. Chomhfhreagair na haonaid sin do thrí chineál éagsúla tionól: tionól curia (comitia curiata), tionól na gcéad (comitia centuriata) agus tionól na dtreibheanna (comitia tributa). Chaith gach aonad (curia, céad nó treibh) vóta amháin os comhar a dtionóil. Is é tromlach na vótaí aonair a caitheadh - iad ar fad caite ag saoránaigh fhireanna - in aon chéad, treibh nó curia a shocraigh conas a vótáil an t-aonad sin. I gcás ábhair reachtacha, b’annamh a dhiúltaigh na tionóil do bhillí a cuireadh faoina mbráid, Bhí siad ina siombail lenar tugadh dlisteanacht seachas ina gcomhlacht breithniúcháin. I lár na poblachta, níor diúltaíodh ach do roinnt billí (an cogadh i gcoinne na Macadóine in 200 RCR, mar shampla, a ritheadh tar éis do chanbhasáil a dhéanamh arís ar na céadta go gairid ina dhiaidh sin), mar gheall, go príomha, ar fhrithshlógadh ó pholaiteoirí eile. Fós féin, i dtréimhsí níos déanaí, níor diúltaíodh do dhlíthe ach go hannamh agus faoi imthosca speisialta, rud a léiríodh an t-easaontas idir an éilít agus, mar thoradh air sin, slógadh daoine chun cur ina choinne.

Tionól curia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go traidisiúnta, téann tionól curia (comitia curiata) siar go dtí an luathmhonarcacht, ón am a dhearna Romalas 30 rannán den chathair. Faoi lár na poblachta, ní raibh ach cuspóir siombalach aige. Am éigin, scor an 30 curia de bheith ag teacht le chéile agus, ina ionad sin, is iad 30 lictor a ndearna ionadaíocht orthu. Chun críoch reiligiúnach, tháinig sé le chéile mar comitia calata faoi uachtaránacht pontifex maximus freisin. Bhí údarás ag an tionól sin ar ghnéithe áirithe de dhlí na dteaghlach agus dhaingnigh sé imperium na ngiúistísí tofa agus na bprói-ghiúistísí tofa trí bhíthin lex curiata de imperio. Mar sin féin, bhí plé nach beag ann le linn na poblachta déanaí i dtaobh an raibh nó nach raibh gá do na curiae toghadh giúistís a dhaingniú i ndáiríre; faoin bpoblacht dhéanach, bhí éifeacht “dhoiléir” ag lex curiata de imperio. Ar an mórgóir, áfach, leis an leibhéal ard teibíochta a bhaineann leis an bpobal Rómhánach ar fad a léiriú mar 30 lictor, léiríodh a mhéad ar ghlac na Rómhánaigh lena dtionóil ar fad mar bheith ina siombail ar an bpobal ar fad mar bhloic vótála theibí seachas mar dhaoine go díreach.

Tionól na gcéad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh tionól na gcéad (comitia centuriata) faoi bhun na monarcachta, agus bhreathnaigh muintir an tseansaoil air go forleathan mar bhealach chun pribhléidí vótála a dháileadh i gcomhréir leis na dualgais mhíleata a éilíodh ar na saoránaigh, rud a d’fhág gur deonaíodh an chumhacht vótála go díréireach ar na daoine is saibhre sa tsochaí toisc, tráth a bunaíodh é, go rabhthas ag súil go rannchuideodh na daoine is saibhre an méid is mó don arm. Faoi lár na poblachta, bhí deireadh tagtha leis an nasc idir cumhacht vótála agus seirbhís mhíleata le fada, agus rinneadh córas de a bhí ualaithe go mór i bhfabhar na saoránach níos sine agus níos saibhre. Roinnte ina 193 bhloc vótála, rinneadh na bloic sin a fhoroinnt tuilleadh ina gcúig aicme agus aicme de equites de réir saibhris, agus gach ceann díobh sin foroinnte tuilleadh de réir aoise ina bhloc sóisearach agus sinsearach (arbh ionann seniores agus daoine 26 bliana d’aois nó os a chionn). Bhí 98 mbloc vótála ag an gcéad aicme agus bhí 193 bhloc vótála ag equites, arbh ionann iad le chéile agus tromlach glan. Rinneadh athchóiriú ar an méid sin am éigin idir 241 agus 221 RCR, trí dheireadh a chur leis an tromlach a bhí ag an gcéad aicme in éineacht le equites agus trí thuairim agus cúig faoin gcéad de na céadta a athrú chun a bheith i bhfabhar an dara aicme. Cé gur cuireadh síos ar an méid sin mar rud daonlathach, "ní raibh aon tionchar ag an athrú ar struchtúr foriomlán timolathach an tionóil".[46] Gaireadh an tionól den chuid is mó chun consail, praetores agus cinsirí a thoghadh; b’annaimhe an reachtaíocht faoin dara haois RCR.

Tionól na dtreibheanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar le Livias, bunaíodh tionól na dtreibheanna (comitia tributa) timpeall 471 RCR. In 495 RCR, tamall beag tar éis dhíbirt na ríthe, bhí ceithre threibh uirbeacha agus 17 dtreibh uirbeacha ann. Faoi 241 RCR, cuireadh ceithre threibh uirbeacha déag leo, rud a d’fhág go raibh cúig threibh uirbeacha is fiche ann san iomlán. Ní grúpaí eitneacha ná gaoil a bhí sna “treibheanna” sin, ach dúiche dár sannadh daoine. Fuair saoránach a threibh mar oidhreacht óna athair, agus níor athraíodh í ach amháin tar éis uchtú nó ar í a athdháileadh sa daonáireamh; le himeacht aimsire, chiallaigh sé sin gur bheag an gaol a bhí ag an gceangal treibhe le baile saoránaigh nó, fiú, le hionad breithe saoránaigh. Ós rud é go raibh na boicht uirbeacha cláraithe den chuid is mó sa cheithre threibh uirbeacha agus nach mbeadh na boicht thuaithe in ann dul chun na Róimhe chun a vótaí a chaitheamh, is é is dóichí go raibh an lámh in uachtar ag na móruaisle saibhre den 31 threibh thuaithe, ar shealbhóirí talún iad, ar thionól na dtreibheanna, á chur san áireamh gur choinnigh imircigh thuaithe chuig an Róimh a dtreibheanna dúchais de ghnáth. Achtaíodh an chuid is mó den reachtaíocht in comitia tributa, ar tionól é a thogh freisin caestóirí, aeidíligh chúrúlacha (aediles curules), treabhainn mhíleata agus mionghiúistísí eile.

Tionól na bpleibeach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá níos mó ceisteanna ann maidir le tionól na bpleibeach (concilium plebis). Creideann a lán staraithe comhaimseartha go raibh sé éagsúil le tionól na dtreibheanna sa chaoi is go raibh sé eagraithe ar an mbonn céanna ach nach raibh ach pleibigh in ann vótáil. An phríomhargóint atá acu chun a rá gurbh ionann tionól na bpleibeach agus tionól na dtreibheanna - gurbh iad an institiúid chéanna iad - ná nach ndearnadh idirdhealú den sórt sin sna fhoinsí ársa. Mar sin féin, freagraíonn scoláirí eile ag rá go léirítear leis an gcleachtas poblachtach déanach gur eagraigh giúistísí cúrúlacha toghcháin agus gur reachtaigh siad os comhair na dtreibheanna, rud a thugann le tuiscint nárbh fhéidir é a bheith ina institiúid phleibeach amháin. Más rud é go raibh an dá cheann éagsúil lena chéile, is é is dóichí nach sna vótálaithe incháilithe a bhí an phríomhdhifríocht eatarthu ach in uachtarán na ngiúistísí: más é treabhann pleibeach a ghair é, tugadh concilium plebis air, ach más é giúistís cúrúlach a ghair é, tugadh comitia tributa air. Más rud é go raibh sé éagsúil, is eisean a thogh na treabhainn phleibeacha agus aeidíligh phleibeacha, agus níos déanaí, mionphoist éagsúla eile. Bhí an cumas aige dlíthe ar a tugadh plebiscita (“pobalbhreitheanna”) a achtú freisin, nach raibh feidhm acu, le linn na luathphoblachta, ach maidir leis na pleibigh, ach tar éis do lex Hortensia (287 RCR) teacht i bhfeidhm, bhí feidhm acu maidir leis na Rómhánaigh go léir.

Go teoiriciúil, bhí feidhmeanna breithiúnacha ag na tionóil. Níorbh fhéidir cúiseanna báis a thabhairt ach amháin os comhair comitia centuriata. Bhí comitia tributa agus concilium plebis in an éisteacht le cúiseanna tromchúiseacha a pionósaíodh de ghnáth trí fhíneáil a ghearradh. Faoin aois dheireanach RCR, bhí an chuid is mó de na cumhachtaí breithiúnacha sin glactha ag quaestiones perpetuae (buanchúirteanna giúiré).

An Seanad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léaráid ealaíontóra ar an Seanad ina shuí; Cicearó ag tabhairt a óráid Chaitilíne, ó fhreascó ón 19ú haois

Ba é an seanad an institiúid ba cheannasaí i bPoblacht na Róimhe. D’eascair údarás an tseanaid go príomha ó ghnás agus traidisiún. Bhí sé ar cheann den líon beag áiteanna ina bhféadfaí plé polaitiúil oscailte a dhéanamh. Mar gheall air sin, agus toisc gur sheanadóirí, a bheag nó a mhór, an éilít pholaitiúil ar fad, seanadóirí ag a raibh tionchar nós imeachta a tugadh d’iarchonsail chumhachtacha, bhí tionchar suntasach ag an seanad ar na giúistísí a bhí ann. Fiú gan an ceart oifigiúil chun dlí a chruthú, géilleadh den chuid is mó do thuairim sheanadóiriúil, rud a cumhdaíodh in senatus consultum (uimh. iol. senatus consulta). Sa ról sin, réitigh an seanad díospóidí idir giúistísí agus rinne sé maoirseacht ar leithdháileadh na n-acmhainní poiblí agus na bhfreagrachtaí poiblí, lena n-áirítear i gcás na gcúigí, do ghiúistísí. Cumhdaíodh cuid dá fhreagrachtaí i reachtaíocht shonrach, amhail lex Caecilia Didia lenar tugadh an chumhacht don seanad a fhógairt go raibh cogadh neamhbhailí. Le linn na monarcachta, daoine arna roghnú ag an rí a bhí sa seanad. Le linn na luathphoblachta, roghnaíodh seanadóirí go príomha mar gheall ar a sliocht, ach faoin bpoblacht dhéanach, agus go háirithe tar éis thréimhse Shulla, bhí ballraíocht sa seanad bunaithe ar bheith i do ghiúistís roimhe sin. Le plebiscitum Ovinium ó dheireadh an 4ú haoise RCR, bhí ar chinsirí fir inmholta a chlárú sa seanad; is é a bhí i gceist leis sin, faoi c. 300 RCR, bheith i do dheachtóir, magister equitum, consal, praetor nó aeidíleach cúrúrach. Am éigin idir 122 agus 102 RCR, cláraíodh treabhainn freisin, agus in 81 RCR, leathnaíodh an bhallraíocht chun caestóirí a chumhdach. I gcomhréir le dualgas an chinsire an mhoráltacht a chosaint, d’fhéadfaí seanadóirí a dhíbirt más rud é nach raibh dea-cháil orthu, más rud é go bhfuarthas ciontach i gcion coiriúil iad nó más rud é gur fágadh infamia orthu. Le linn na poblachta, ní raibh aon fhianaise ann go raibh aon chineál cáilíochta maoine ag teastáil. 300 duine a bhí sa seanad roimh dheachtóireacht Shulla, ach tar éis a dheachtóireachta, rud éigin le cois 500 fear a bhí ann. Bhuail an seanad le chéile i spásanna insealbhaithe (templa) laistigh agus lasmuigh de theorainn fhoirmiúil na cathrach (pomerium) araon. Áiríodh ar áiteanna den sórt sin curia san fhóram - in curia Hostilia don chuid is mó den phoblacht - ach i dteampaill eile amhail Teampall Jupiter Optimus Maximus (an láthair chruinnithe iondúil ag tús na bliana) mar aon le teampaill Fides, Concord, Chastór agus Phollacs, agus Jupiter Stator. I measc na láithreacha coitianta lasmuigh de pomerium, rud a bhí ag teastáil ionas go raibh giúistísí ag a raibh imperium in ann freastal ar na himeachtaí (toisc gur imíodh imperium a luaithe agus a tháinig an duine isteach in pomperium), bhí teampaill Bellona agus Apalló in éineacht le curia Phoimpéis. Bhí an chumhacht ag go leor giúistísí, lena n-áirítear na consail, praetores agus treabhainn, an seanad a ghairm. Tar éis réamhobair reiligiúnach, thug an giúistís ceannais óráid nár ghá a bheith neodrach. Tar éis na fíricí a shuí, leag an t-uachtarán amach an tsaincheist a cuireadh faoi bhráid an tseanaid, agus cuireadh tús leis an díospóireacht. Ba é princeps senatus an chéad duine le labhairt, agus iarchonsail ina dhiaidh de réir ord a chinn an t-uachtarán. Más rud é go raibh consal ainmnithe i láthair, ba ghnách iarraidh air ar dtús labhairt. Tar éis na hiarchonsail a cheistiú, ceistíodh na hiar-praetores. Leanadh ar aghaidh ar an mbealach sin tríd na céimeanna giúistíseacha ar fad. D’fhéadfaí vóta a chaitheamh ar ábhair neamhthábhachtacha le guth nó le comhaireamh lámh, ach vótáladh ar ábhair thábhachtacha tríd an Teach a roinnt go fisiciúil sa chaoi is go ndeachaigh seanadóirí chuig taobh amháin nó chuig taobh eile den seomra. Rinneadh vótálacha i gcónaí i bhfabhar mholadh nó ina choinne, ach d’fhéadfadh seanadóirí a iarraidh go ndéanfaí ceisteanna a bhí ceangailte le chéile a bhriseadh suas ionas go bhféadfaí vótáil ar leithligh a dhéanamh orthu. Toisc nár mhór clabhsúr a chur ar gach cruinniú faoi thitim na hoíche, d’fhéadfadh seanadóir moladh a bhacadh le fadchaint más rud é go raibh sé in ann an díospóireacht a choimeád beo go dtí titim na hóiche. D’fhéadfadh consal nó ceann amháin de na treabhainn phleibeacha tairiscint a chrosadh. Más rud é nár crosadh í, tugadh senatus consultum uirthi; tugadh senatus auctoritas ar thuairimí seanadóiriúla a crosadh agus rinneadh iad a thaifeadadh amhlaidh. Thras-scríobh an giúistís ceannais na torthaí i ndoiciméad; rinneadh na torthaí a thaifeadadh in aerarium (an státchiste poiblí) agus, uaireanta, foilsíodh in iris iad. Sa luathphoblacht, ghlac an seanad chuige féin an t-údarás - agus go ginearálta glacadh leis go raibh an t-údarás sin aige - chun moladh go húdarásach do ghiúistísí fórsa a úsáid chun éirí amach intíre a chur faoi chois - i.e. saoránaigh a mharú agus sárú a dhéanamh ar a gcearta provocatio a bhí cumhdaithe go dlíthiúil - trí senatus consultum ultimum (“foraithne deiridh an tseanaid”) mar thugtaí air a rith. Moladh an chéad foraithne den sórt sin in 121 RCR i gcoinne Gháias Gracchus agus Mharcais Fulvius Flaccus. I gcásanna den sórt sin, chuir an consal faisnéis i láthair chun teacht lena sheasamh go raibh an phoblacht i ngarbhaol agus d’fhreagair an seanad trí bhíthin tuairim á rá “[gur cheart do] na giúistísí res publica a chosaint agus cibé beart a dhéanamh a mheasann siad go bhfuil gá leo chun a chinntiú nach ndearnadh aon dochar don stát”: is beag an toradh a bhí ag foraithne den sórt sin ó thaobh an dlí de, agus níor tugadh aon díolúine dhlíthiúil léi; seachas sin, tugadh cumhdach polaitiúil léi, in éineacht leis an ngeallúint go ngearrfaí pionós sa seanad níos déanaí, ionas go raibh giúistísí in ann freagracht a sheachaint as gníomhaíochtaí mídhleathacha trí thacaíocht an tseanaid a thabhairt ina leith.

Giúistísí feidhmeannacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toga praetexta, éadaí na ngiúistísí cúrúlacha

Is é an pobal, trí thoghcháin iomaíocha, a thogh na giúistísí, agus, go ginearálta, níos mó freagrachtaí agus cumhachta ag oifigí as a chéile. Bhí dhá chatagóir leathana giúistísí ann: na gnáthghiúistísí amhail na consail, iarmhairt an bhunreachta phoblachtaigh, agus na giúistísí urghnácha amhail na deachtóirí, iarsmaí bhunreacht na monarcachta agus rud a coinníodh go príomha i gcomhair éigeandálaí. Bhí potestas ag gach giúistís - an t-údarás chun cumhachtaí na hoifige a bronnadh trí ghnás nó reacht a fheidhmiú. Bhí cineál cumhachta ar a dtugtar imperium ag na giúistísí ba chumhachtaí, amhail na giúistísí urghnácha, na consail agus na praetores - an t-údarás chun bheith i gceannas sa chiall mhíleata nó bhreithiúnach. Níor ceanglaíodh ar na giúistísí éagsúla oibriú le chéile. Ghníomhaigh siad, den chuid is mó, mar dhaoine aonair, agus a gcuid cuspóirí agus uaillmhianta beartais féin á saothrú acu. Chun an phoblacht a riar ar bhealach rathúil, bhí comhar suntasach ag teastáil, rud a cothaíodh trí bhíthin treoir bheartais neamhcheangailteach ón seanad. Dá bhrí sin, ba ghá urraim don seanad, rud a bhí greanta i noirm shóisialta uasaicmeacha, ionas go raibh an stát in ann aon chineál beartais chomhtháite a choinneáil.

Gnáthghiúistísí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar na gnáthghiúistísí, bhí dhá rannán bhreise: na hardghiúistísí, a bhí comhdhéanta de chonsail, praetores agus a gcoibhéis prorogatio (prói-ghiúistísí), agus na cinsirí; agus na hísealghiúistísí, a bhí comhdhéanta de na treabhainn, aeidíligh, caestóirí agus mionphoist eile. Sealbhaíodh na hoifigí sin in ord - cursus honorum - ó hoifigí sóisearacha go hoifigí sinsearacha, maille le heisceachtaí i gcás na treabhannáide agus na haeidíleáide, de ghnáth gan atarlú nó tionacht oifige sóisearaí tar éis oifig shinsearach.


Consail[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fheidhmigh an bheirt chonsail mar an ngiúistís uachtarach le haghaidh téarma bliantúil, a raibh imperium bronnta orthu chun bheith i gceannas sna réimsí cathartha agus míleata araon, agus a raibh in ann, trí éanfháidheacht a dhéanamh, comhairle a fháil ó na déithe ar son an phobail. Seans gur ó chumhacht gan srian na ríthe a tháinig cumhachtaí den sórt sin, agus cuireadh na cumhachtaí sin ar aghaidh trí bhíthin comharbas cúrúlach gan bhriseadh. Bhí duine amháin de na consail ina uachtarán ar na toghcháin le haghaidh oifigí cúrúlacha. Gnáthcheannasaithe míleata a bhí iontu le linn na poblachta déanaí, agus bhí an bheith chonsail i gceannas ar airm chonsalacha ar leithligh le linn cogaidh, nuair a bhí a gcuid cumhachtaí neamhtheoranta ar an iomlán. I gcúrsaí intíre, bhí siad freagrach as an feriae Latinae bliantúil (féile earraigh) a reáchtáil, ambasáidí a fháil ó stáit eachtrannacha, an plé a dhéanamh maidir leis na hábhair sin sa seanad, agus reachtaíocht a mholadh. Faoin meánphoblacht agus poblacht dhéanach, is annamh a feidhmíodh feidhmeanna breithiúnacha na gconsal, ach amháin i gcás ábhair thromchúiseacha.

Praetores[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an chéad ghiúistís eile an praetor. Méadaíodh líon na praetores i gcaitheamh na poblachta: ar dtús, ní raibh ach ceann amháin ann in 367 RCR, cuireadh an dara ceann leis in 242; cuireadh beirt eile leo in 228 agus 198, faoi thréimhse Shulla, bhí ochtar ann. Bhí imperium bronnta orthu freisin, agus toghadh iad ar dtús chun bheith mar cheannasaithe míleata - b’fhéidir chun an Róimh a chosaint agus ionsaí á dhéanamh ag na consail - agus mar ghobharnóirí na gcúigí; ní raibh sé mar phríomhfhreagracht acu an ceartas a riar ach go dtí am níos déanaí. Sa phoblacht dhéanach, bhí tionchar suntasach ag na praetores ar an dlí Rómhánach, agus an ról acu maoirseacht a dhéanamh ar phróiseas breithiúnach. Bhí an ceart ag praetores freisin reachtaíocht a thabhairt isteach, an seanad a ghairm agus maoirseacht a dhéanamh ar fhéilte reiligiúnacha áirithe.


Prói-ghiúistísí[cuir in eagar | athraigh foinse]

In imeacht ama, de réir mar a mhéadaigh impireacht na Róimhe, ní raibh an bheirt chonsail bhliantúla ná an líon teoranta praetores leordhóthanach a thuilleadh chun bheith i gceannas ar an iliomad arm sa mhachaire nó chun an iliomad cúigí a riar. Chun an fhadhb sin a réiteach, ba mhinic gur cuireadh fad le húdarás na gconsal agus na praetores a bhí ann thar a ngnáth-théarmaí ionas go bhféadfaidís leanúint de bheith i gceannas sa mhachaire. Is é a bhí i gceist le prorogatio seift lenar tugadh cead don phobal, agus don seanad ag tráth níos déanaí, duine a sheoladh chun gníomhú in ionad giúistís eile ag a raibh imperium agus auspicium cé nach raibh an post sin acu. In imeacht ama, áfach, agus gá méadaitheach ann go mbeadh ginearáil agus riarthóirí inniúla ann, ba ghnáthchleachtas é prorogatio a dhéanamh; agus baineadh úsáid as an tseift, níos mó agus níos mó ag na tionóil, chun imperium a thabhairt do pholaiteoirí a raibh tóir orthu.

Cinsirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceapadh an bheith chinsirí go sonrach chun an daonáireamh a dhéanamh. Chun na críche sin, toghadh iad go neamhrialta: le linn na meánphoblachta, toghadh iad beagáinín níos lú ná gach cúig bliana, tar éis dheachtóireacht Shulla d’éirigh an téarma neamhsheasmhach. Is é a bhí i gceist leis an pobal Rómhánach a chomhaireamh, a maoin a mheasúnú, agus iad a shannadh dá centuria agus tribus iomchuí. Tar éis ghlacadh lex Ovinia, tugadh do na cinsirí cumhacht na gconsal chun ballraíocht sa seanad a rialú. I dteannta na príomhfhreagrachta arbh é a bhí inti an daonáireamh a láimhseáil, bhí na cinsirí freagrach freisin as an moráltacht phoiblí, as díospóidí maidir le maoin a láimhseáil, as conarthaí poiblí agus as tailte poiblí a bhainistiú. Go ginearálta, níorbh fhéidir le héinne, seachas comhghleacaí an chinsire, athbhreithniú a dhéanamh ar an údarás sin; más rud é go bhfuair comhghleacaí bás agus é i seilbh oifige, ceanglaíodh ar an gcinsire eile éirí as an bpost.


Treabhainn phleibeacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gáias Gracchus, treabhann an phobail, i gceannas ar thionól na bpleibeach, i léaráid ealaíontóra ó 1799

Ar na hísealghiúistísí, áiríodh treabhann na bpleibeach, arna thoghadh ag comhairle na bpleibeach, agus na haeidíligh agus na caestóirí, arna dtoghadh ag tionól na dtreibheanna. Bhí an treabhann dosháraithe agus chosain sé na mionnaí a ghlac na pleibigh chun é a chosaint. Is ar an mbonn sin go bhféadfadh an treabhann aon ghníomh polaitiúil a chrosadh nó aon duine aonair a chosaint ar éagóir arna déanamh ag giúistís, ar a dtugtar intercessio agus auxilium, faoi seach. Bhí cumhachtaí acu freisin chun an seanad a thionól, bheith i gceannas ar concilium plebis i gcáil reachtach nó thoghchánach, agus labhairt leis an bpobal in contio. Cé gurbh ó chúlra réabhlóideach a tháinig cumhachtaí na dtreabhann chun cinn, faoin meánphoblacht is ón ngrúpa céanna daoine uaisle a tháinig na treabhainn den chuid is mó toisc gurbh iadsan a bhí sa seanad, rud a chiallaíonn gurbh fhíorannamh a feidhmíodh na cumhachtaí sin. Is le linn na poblachta déanaí amháin a feidhmíodh cumhachtaí den sórt sin ar ais arís.

Aeidíligh, caestóirí agus vigintisexviri[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí na haeidíligh i gceannas ar roinnt cúram cathrach, e.g. cothabháil na dteampall, na sráideanna agus an tsoláthair uisce. Bhí siad freagrach freisin as cluichí poiblí agus as roinnt gnéithe d’obair phóilíneachta sa chathair. Riarthóirí tofa a bhí san caestóirí, duine a d’fhéadfaí a chur i gceannas ar an státchiste, na gráinseacha, nó ar phostuithe riaracháin éagsúla san Iodáil, in éineacht leis na consail, nó sna cúigí. Sa phoblacht dhéanach, dá dtoghfaí duine mar chaestóir, ba bhunús le ceapachán saoil don seanad.

Bhí cúraimí riaracháin eile a bhaineann leis an sé bhord ag mionghiúistísí eile, ar a dtugtar vigintisexviri faoin bpoblacht dhéanach: breithiúnais a thabhairt ar stádas saor nó sclábhaí, an phóilíneacht, boinn a bhualadh, cothabháil bóithre gar don Róimh, agus ceartas a riar in Capua agus Cumae. Is gnách gur shealbhaigh duine ceann de na poist shóisearacha sin roimh dó bheith tofa ina chaestóir, agus d’éirigh rinneadh ceanglas de tar éis athchóiriú Shulla.

Giúistísí urghnácha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí líon giúistísí urghnácha ann. Ar dtús, bhí an deachtóir agus magister equitum (máistir na gcapall). Roghnaigh na consail deachtóirí chun saincheist éigin a bhí roimh an bpoblacht a réiteach, saincheist nach raibh na gnáthghiúistísí in ann déileáil léi. Ansin, roghnaigh na deachtóir magister equitum mar leifteanant leis. Bhí summum imperium ag an deachtóir agus b’aige an t-ard-údarás faoi raon feidhme a shainordú. Bhí údarás iomlánach comhchosúil ag magister equitum, agus údarás comhuaineach agus rud beag sóisearach aige le húdaráis an deachtóra. Sa luathphoblacht agus sa mheánphoblacht, institiúid ghnách a bhí sa deachtóireacht den chuid is mó, agus bhí ard-údarás an deachtóra teoranta don sainordú (provincia) a sannadh dó agus bhíothas ag súil leis go réiteodh an deachtóir an tsaincheist go tapa agus éirí as, rud a tharla i mbeagnach gach cás, ionas go mbeifí in ann an gnáthrialtas a athbhunú. Sa mheánphoblacht agus sa phoblacht dhéanach, toisc gur imigh oifig an deachtóra as faisean, níor deonaíodh an gá le húdarás deachtóireachta do ghiúistís urghnách éigin ach, ina ionad sin, do na consail, trí bhíthin senatus consultum ultimum, nó foraithne deiridh. Is i bhfoirm moladh ón seanad a bhí an foraithne sin, moladh do na consail chun cibé gníomhaíochta a dhéanamh is gá chun an phoblacht a chosaint. Mar gheall ar a dhoiléire a bhí an fhoraithne go ginearálta, cuireadh go láidir i gcoinne a húsáide sa phoblacht dhéanach agus bíonn cur agus cúiteamh ann fós i measc scoláirí sa lá atá inniu ann, toisc, ó thaobh an dlí dhocht de, níor tugadh leis an bhforaithne deiridh údarás do na consail ach, ina ionad sin, is é a bhí inti ná spreagadh ón seanad neamhaird a dhéanamh ar na dlíthe chun an stát a chosaint. Is é a bhí in interrex giúistís urghnách a ceapadh nuair nach raibh aon ghiúistísí cúrúlacha - consail, praetores nó deachtóirí - in oifig. Thogh baill phaitríocha an tseanaid é ar feadh téarma cúig lá. Leis an údarás chun an seanad agus, níos tábhachtaí fós, na tionóil a ghairm, bhíothas ag súil leis go reáchtálfadh sraith interreges a luaithe is féidir chun an gnáthrialtas consalach a athbhunú - de réir an traidisiúin, ní raibh an chéad interrex in ann toghcháin a reáchtáil.

Forbairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

"Brútas an Chaipeatóil", arna aithint go traidisiúnta mar dhealbh bhrád Lúicias Iúnais Brútas (a fuair bás in 509 RCR), duine arna aithint é féin go traidisiúnta mar bhunaitheoir na poblachta

Coinbhleacht na nAicmí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí na príomhfhoinsí liteartha le haghaidh bhunúis chóras polaitiúil na Róimhe, Livias agus Dinísias Hailicearnasas, ag brath go mór ar na hannálaithe Rómhánacha, a d’fhorlíon an méid beag staire scríofa a bhí ann le seanchas. :Leis an easpa fianaise sin, cruthaítear fadhbanna d’iontaofacht chuntas traidisiúnta bhunúis na poblachta. Bíonn an-chuid scoláirí den lá atá inniu ann den tuairim , áfach, gur “saothar liteartha den phoblacht dhéanach” a bhí i gcuntais Livias agus na n-annálaithe agus, ar an mórgóir, nach féidir “mórán luacha a bheith iontu chun...stair na Luathróimhe a athchruthú”.

De réir an chuntais thraidisiúnta sin, bhí an Róimh á rialú ag rí i ndiaidh rí. Chreid na Rómhánaigh gur thosaigh an ré sin, ré Ríocht na Róimhe, in 753 RCR agus gur tháinig sí chun deireadh in 509. Tar éis don mhonarcacht a bheith curtha as cumhacht agus don phoblacht a bheith bunaithe, thosaigh pobal na Róimhe de bheirt chonsail a thoghadh in aghaidh na bliana. De réir fasti consalacha, liosta de chonsail ag dul siar go dtí bunú na poblachta, roghnaíodh na chéad chonsail in 509 RCR. Áitíonn scoláirí an lae inniu, áfach, gurbh ann d’éabhlóid níos soiléire idir an mhonarcacht agus rialtas faoi stiúir giúistísí tofa. Chomh maith leis sin, bíonn líon méadaitheach scoláirí in amhras faoi iontaofacht fasti consalacha (liosta na gconsal atá ag dul siar, mar dhea, go dtí tús na poblachta a crochadh sa Róimh), agus iad den tuairim gur “toradh na poblachta déanaí” iad agus gur “fíorbheag” cruinnis atá iontu. Mar sin féin, léiríodh iarsmaí na monarcachta sna hinstitiúidí poblachtacha. Is ann d’fhianaise, áfach, gur tréimhse lán le hathrú foréigneach a bhí sa luathphoblacht, agus ciall thíoránta ag baint leis an bhfocal rex. Tháinig na chéad tionóil den phoblacht chun cinn le linn na ríochta mar bhealach chun toghcháin ríoga a dhaingniú agus ansin athraíodh cuspóir comitia centuriata chun na chéad chonsail a thoghadh. Is é is dóichí, áfach, nach rud institiúideach a bhí i bhfeidhmiú an údaráis mhíleata sa luathphoblacht agus gurbh é a bhí ann i ndáiríre ná daoine uaisle i gceannas ar ruathair phríobháideacha seachas daingniú foirmiúil stáit údarás na gceannasaithe. Ní thagann post an chonsail i gcáil ardghinearáil chun cinn, agus údar maith leis, ach go dtí deireadh an tríú haois RCR.

Bhí an lámh in uachtar ag na paitrígh i luathphoblacht na gcuntas liteartha, agus leagann na foinsí sin béim dhoshéanta ar na coinbhleachtaí idir na paitrígh agus na pleibigh, ar a dtugtar coinbhleacht na n-aicmí. In 292 RCR, le linn feachtas míleata, dhealaigh na pleibigh faoi arm agus éide go mons Sacer lasmuigh den chathair agus dhiúltaigh siad do throid san fheachtas gan aon ghéilleadh polaitiúil. Leis an mbrú ón mbagairt sheachtrach, cuireadh iallach ar na paitrígh aitheantas a thabhairt d’oifig an treabhainn phleibigh (tribunus plebis) agus glacadh lena dosháraithe a bhí siad. Bhí sé sin mar bhonn le cumas an treabhainn aon ghníomh polaitiúil a chrosadh (veto; “Coiscim” sa bhrí litriúil) nó aon duine aonair a chosaint ar éagóir arna déanamh ag giúistís, ar a dtugtar intercessio agus auxilium, faoi seach. Thug an pobal beirt chúntóirí ar a dtugtar aeidíligh phleibeacha do na treabhainn, nach bhfuil sé soiléir cé mhéid acu a bhí ann ag an tréimhse luath sin. Ar an gcuma chéanna, le dealú pleibeach, cuireadh stop le hiarracht decemviri stát ina raibh ceannas ag na paitrígh a dhaingniú, dar dáta go traidisiúnta 457 RCR. Le hathchóiriú in 449 RCR, seans gur cuireadh aitheantas imperium míleata ar bhonn foirmeálta trína cheangal an imperium sin a bheith deonaithe ag comitia curiata. Tamall beag ina dhiaidh sin in 446 RCR, toghadh den chuid uair caestóirí, riarthóirí ag a raibh téarmaí tagartha leathana, agus cruthaíodh oifig an chinsire in 443 RCR chun an daonáireamh a riar. Tuairiscítear sna foinsí liteartha ársa freisin gur toghadh treabhainn chonsalacha go rialta mar fhreagairt ar an éileamh méadaithe ar ghinearáltacht nó mar mhodh chun a sheachaint go nglacfadh na pleibigh ceannaireacht mhíleata orthu féin; diúltaíonn roinnt scoláirí comhaimseartha, áfach, do na míniúcháin sin agus maíonn siad gurb é atá iontu míthuiscint ar an bhfianaise sa phoblacht dhéanach.

Mar sin féin, in 376 RCR, le dlíthe Licinius-Sextius (Leges Liciniae Sextiae), tugadh cead do phleibigh seasamh mar chonsail. Ba é teacht chun cinn fhoirm chlasaiceach na poblachta le deireadh na treabhannáide consalaí (más ann di) agus cruthú praetores agus na n-aeidíleach. Cé gur ceapadh, go traidisiúnta, gur tháinig sé chun cinn mar thoradh ar choinbhleacht na n-aicmí, seans gur tháinig an comhréiteach chun cinn mar thoradh ar an ngá sa Róimh le níos mó giúistísí. An tráth sin, ní raibh deighilt shoiléir idir na consail agus praetores: “tá níos mó agus níos mó scoláirí ann a cheapann gur bunaíodh le Dlíthe Licinius-Sextius coláiste de thriúr praetores (agus triúir amháin), a ndearnadh na consail stairiúla de bheirt díobh faoi dheireadh”. Chuaigh lex Genucia”, a glacadh roinnt deich mbliana níos déanaí in 342 RCR, níos faide ná sin toisc gur tugadh cead do phleibigh rochtain a fháil ar oifig na gconsal, agus ceanglaíodh go mbeadh pleibeach amháin ar a laghad ina chonsal.

De réir mar a laghdaíodh stádas gustalach na seanéilíte paitríche thar am, forbraíodh uasaicme phleibeach a raibh a stádas bunaithe ar fhiúntas agus toghchán seachas ar shliocht. Ag deireadh an cheathrú haois, tháinig uasaicme aontaithe chun cinn ar a dtugtar nobiles, ar phaitrígh agus pleibigh araon iad. Cé go raibh cearta ag na paitrígh leis na cianta cairbreacha, tháinig forlámhas nobiles chun bheith dírithe ar thoghcháin d’oifigí a buachan os comhair an phobail seachas ar a sliocht, rud a d’fhág go raibh an uasaicme leathoscailte agus gurbh fhéidir teaghlaigh ó lasmuigh na hIodáile a ionchorprú inti. Tháinig deireadh le haon díospóid dheireanach in 287 RCR, tráth an dealaithe phleibigh dheireanaigh. Chun deireadh a chur leis an dealú, ritheadh lex Hortensia, rud a tugadh feidhm dlí do na pobalbhreitheanna - foraitheanta concilium plebis.

Forbairtí suas go dtí ré Shulla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn na meánphoblachta agus na poblachta déanaí, athraíodh an bunreacht de réir a chéile. Le lex Villia annalis in 180 RCR, cuireadh cursus honorum ar bhonn foirmiúil trí aoiseanna íosta a leagan síos i gcás gach oifige. Sna 130idí, tugadh isteach an bhallóid rúnda trí lex Gabinia taballeria agus lex Cassia tabellaria. Le lex Domitia de sacerdotis in 104, cuireadh deireadh le comhthoghadh na sagart i bhfabhar toghcháin.

Níos drámatúla fós le linn na tréimhse sin ná forbairt an riaracháin cúige agus na prói-ghiúistíseachta. Le fairsingiú na Róimhe tríd an 3ú agus 2ú haois RCR, fuair sí cúigí thar lear den chéad uair, cúigí a bhí faoi rialú ag consail nó praetores a cheap an seanad. De réir mar a mhéadaigh líon na gcúigí agus an Róimhe á fairsingiú, níorbh fhéidir coinneáil suas le toghadh na ngiúistísí, rud a d’fhág go raibh ar na giúistísí sin síneadh lena gceannais cúige a lorg. Mar gheall ar theacht chun cinn prorogatio, ní raibh na ginearáil ina ngiúistísí gníomhacha a thuilleadh, faoi dheireadh an dara haois RCR, ach, ina ionad sin, bhí siad ina gcoibhéis ar cuireadh síneadh lena dtéarma oifige agus iad ag gníomhú in ionad consail nó praetores (pro consulepro praetore). Tháinig difríochtaí chun cinn idir gobharnóirí cúige agus an seanad, agus is beag na huirlisí a bhí ag an seanad chun gobharnóirí a choinneáil faoi smacht ach amháin tar éis dóibh teacht ar ais ón gcoigríoch. Forbraíodh flúirse uirlisí den sórt sin, lena n-áirítear dlíthe lenar cuireadh cosc ar roinnt cleachtas, amhail an tsracaireacht, agus lenar bunaíodh quaestiones perpetuae chun iad a chur faoi thriail i gcás sáruithe. Tháinig senatus consultum ultimum, foraithne sheanadóiriúil lena moltar do ghiúistísí úsáid a bhaint as fórsa chun an phoblacht a chosaint (de ghnáth mar gheall ar éirí amach inmheánach), chun cinn ó 121 RCR ar aghaidh, agus d’fheidhmigh an seanad a chumhacht traidisiúnta chun moladh a dhéanamh, moladh a lean na giúistísí. Bhí díospóireacht an-teasaí ann maidir le húsáid cumhachta den sórt sin, cé nár ceistíodh bailíocht na cumhachta inti féin. Mar sin féin, ba dhroch-chomhartha don phoblacht é gur ghnách leis an seanad dul i muinín fórsa toisc gur leagadh síos leis fasach chun díospóidí a réiteach idir saoránaigh trí naimhde a chur amach ó mhuintir an stáit seachas trí bhíthin comhthola agus eadrána.

Poblacht Shulla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar gheall ar chogadh cathartha Shulla, eisreachtuithe Shulla, agus na hathchóirithe a lean iad, athraíodh nádúr res publica, rud a cruthaíodh struchtúr bunreachtúil nua a bhí éagsúil le cultúr seanadóiriúil na meánphoblachta a bhí bunaithe ar chomhthoil.

Le hathchóirithe Shulla, cruthaíodh sraithe cód dlí, a forfheidhmíodh trí bhíthin quaestiones perpetuae leathnaithe a raibh seanadóirí ag obair iontu, seanadóirí a tarraingníodh ó sheanad leathnaithe. Rinneadh iarracht freisin leis na hathchóirithe an chumhacht pholaitiúil a chomhchruinniú sa seanad agus in comitia centuriata, agus iarracht á déanamh, an tráth céanna, cumhachtaí bacúla agus reachtacha na dtreabhann agus chomhairle na bpleibeach a laghdú. Chuige sin, d’éiligh sé go ndéanfadh an seanad gach bille a cuireadh faoi bhráid na dtionól a fhormheas ar dtús, chuir sé teorainn le crosadh na treabhannáide ionas nach rabhthas in ann ach iarrataí aonair ar thrócaire a chrosadh, agus d’éiligh sé go cuirfí bac ar fhir a toghadh ina dtreabhainn bheith in aon ghiúistís eile. Sa deireadh, ní raibh athchóirithe Shulla inoibrithe. Toisc gur bheag an dlisteanacht a bhí ann, bhí ar a réimeas aghaidh a thabhairt ar an gcogadh cathartha leanúnach le Cuinteas Seartóirias mar aon le héirí amach in 78 RCR a thosaigh Marcas Aemilius Lepidus. Mar gheall ar an seanad níos mó agus toisc go raibh níos mó giúistísí a raibh imperium acu ag fanacht gar don chathair, bhí cúrsaí polaitiúla mífheidhmiúil, bhí sé deacair tionchar a imirt orthu, agus bhí siad dothuartha. Mar thoradh ar an gCogadh Sóisialta agus cogadh cathartha Shulla, cogaí arbh é an toradh a bhí orthu ná gur maraíodh glúin iomlán consal nó gur caitheadh amhras orthu, laghdaíodh tionchar an tseanaid sa stát. Faoi 70 RCR, ba léir nár mhór ceansú na dtreabhann a thiontú thart; an bhliain sin, rith na consail Poimpéas agus Crassus chuige sin.

Deireadh na poblachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceapadh gur dhiúltú prionsabal poblachtach iad na ceannais fhada leaschonsalacha a tugadh do Chaesar agus Poimpéas sna 50idí RCR. In Last generation of the Roman republic, cuireann Erich Gruen ina éadan, ag tabhairt san áireamh go raibh sé coitianta ceannais fhada a thabhairt le linn an Dara Cogadh Púnach agus i rith na gcogaí i gcoinne Jugurtha agus Cimbri agus tar éis chogadh Sheartóiriais agus an tríú cogadh i gcoinne Mhiotradáit. Bhí a fhios ag cách go raibh fasaigh den sórt sin ag poblacht Shulla. Thairis sin, bhí sé coitianta go dtabharfadh an seanad cead ceannais speisialta a bheith ann, agus Gall tras-Alpach Chaesair arna shannadh ag an seans agus coimisiúin Phoimpéis le haghaidh arbhair agus athnuachana sa Spáinn ag teacht chun cinn mar gheall ar chead den sórt sin.

Ceann de na críochphointí a mhaítear mar chríochphointe na poblachta is ea tosú chogadh cathartha Chaesair in 49 RCR, áfach. Toisc nach bhfuil dóthain faisnéise ann, níl aon bhonn ann lena chreidiúint go raibh rún ag Caesar an córas poblachtach a athchóiriú go fairsing. Mar sin féin, mar gheall ar fheallmharú Chaesair ag liberatores, níor cuireadh aon rún den sórt sin i bhfeidhm. Mar gheall ar an bhfeallmharú freisin, trí bhíthin scéiméireachtaí Antaine, Octáivian agus Lepidus, d’achtaigh an pobal ceannasach lex Titia in 43 RCR chun an triúracht a chruthú. Trí chumhachtaí an phobail maidir le cúrsaí toghcháin, achomhairc agus reachtaíochta a dhéabhlóidiú chuig an triúr sin, d’fhéadfaí a argóint gurbh é ceann de phríomhinstitiúidí na poblachta a chuir deireadh léi. Ní tharlódh an t-athrú ón bpoblacht go dtí na réitigh Ágastacha agus go dtí gur tháinig an tImpire Tibir i gcoróin go rathúil in 14 AD, rud a chuir an Róimh ar an mbealach ó stát nach raibh aon fhear aonair i gceannas go hiomlán air.