Lucius Sergius Catilina
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 108 "RCh" An tSean-Róimh |
| Bás | Eanáir 62 "RCh" 45/46 bliana d'aois Pistoia (An tSean-Róimh) |
| Siocair bháis | Bás i gcath |
| Seanadóir de chuid na Sean-Róimhe | |
| luach anaithnid – 62 "RCh" | |
| Praetóir | |
| 68 "RCh" – 68 "RCh" | |
| Propraetor (en) | |
| 67 "RCh" – 66 "RCh" | |
| Gníomhaíocht | |
| Suíomh oibre | An Róimh |
| Gairm | polaiteoir |
| Tréimhse ama | Late Roman Republic (en) |
| Teangacha | An Laidin |
| Teaghlach | |
| Céile | Gratidia Aurelia Orestilla |
| Máthair | Belliena |
| Siblín | Sergia |
Polaiteoir Rómhánach ab ea Lucius Sergius Catilina, a rugadh timpeall ar 108 RC agus a d'éag i machaire an chatha sa bhliain 62 RC. Is í Comhcheilg Catilina is mó a thuill clú, nó míchlú, dó lena linn agus i ndiaidh a bháis. Bhí sé ina chúlaistín ag Lucius Cornelius Sulla agus deirtear gur mharaigh sé deartháir a mhná céile, Marcus Marius Gratidianus, toisc go raibh gaol aige le Gaius Marius, namhaid Sulla - san am seo bhí an Róimh ar fad trí chéile ag an dóigh a raibh Sulla agus Marius ag cur troda ar a chéile. Sa bhliain 63 RC rinne Catilina iarracht teacht i gcumhacht sa Róimh le lámh láidir, nuair a bhí teipthe air i dtoghcháin an chonsail, ach ansin sceith Fulvia, a bhean chéile, na pleananna le Cicearó roimh ré. Lena chuid deisbhéalaí shaighid Cicearó muintir na Róimhe i Catilina, agus sa deireadh ghair Seanad na Róimhe namhaid an náisiúin de. D'éalaigh Catilina as an Róimh, agus trúpaí a bhí dílis dó á thionlacan. Bhí sé ag iarraidh an Ghaill a bhaint amach le bunáit a chur ar bun ansin agus cogadh cathartha a chur ar lucht leanúna Chicearó, ach i Mí Eanáir den bhliain 62 RC d'éirigh ina chath in aice le Pistoria (inniu, Pistoia sa Tuscáin) idir a chuid trúpaí agus arm an tSeanaid. Fuair Catilina bás sa chath seo a chuir deireadh deifnídeach lena chomhcheilg.