Pleibigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba comóntaigh iad na pleibigh sa tSean-Róimh.

Tithíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí conai ar an aicme seo sna arsáin darbh ainm 'Insulae'. Ní raibh an chuid is mó de na hárasáin seo tógtha go maith. Baineadh úsáid as ábhair ar dhroch-chaighdeán agus mar thoradh air sin dhófaidís go héasca. Mar thoradh air sin ba iad na seomraí ba chóngaraí don urlár bun an ceann ba chostasaí. Ní raibh na seomraí inslithe go maith ach an oiread agus bhí siad siad reoite i rith an gheimhridh agus ró-thé i rith an samhraidh. Bhí gach duine sa teaghlach ina gcónaí in aon seomra amháin agus mar sin bhí sé plódaithe. Thiocfadh teaghlaigh isteach trí dhréimirí ón taobh amuigh.

Ach bhí na pleibigh a bhí níos saibhre in ann 'insulae' níos fearr a fháil nó teach singil darbh ainm 'Domus'

Eadaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

De ghnáth caith siad Tuineach. Ba píosa eadach é atá cosuil le t-léine sa lá atá ann. Caith na fir, mná, paistí é tríd an blian uilig. Ach ní raibh siad maith ag coinneal teas isteach i rith an geimhreadh. Caith siad cuaráin mar bhrogaí.

Bia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí bia na ndaoine bochta níos simplí. D’ith siad anraith lintilí, anraith eorna, feoil shaor a bhí brúite I bhfínéagar. Thug an rialtas amach arbhar saor in aisce do na daoine ba bhoichte agus rinne siad leite agus arán leis. Tugadh dól ar an arbhar sin. Ní raibh áiseanna cócaireachta ag cuid mhaith de na Rómhánaigh ba bhoichte agus bhí orthu bia a fháil ó na stallaí nó na tabhairne nó ón thermopholia. Cheannaigh siad píoga blasta teo a bhí an-chosúil le píotsa.

Saol páiste Pleibigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor tháinig an meán-phlódánach isteach i dteaghlach saibhir; b'ionann na huaisle a bhí gníomhach go polaitiúil ina n-iomláine agus cuid an-bheag den daonra iomlán. Bhíothas ag súil go rachadh an meánpháiste plebeiach isteach sa lucht saothair ag aois óg. Ba le haicme shocheacnamaíoch ní b'ísle ná a gcomhghleacaithe Patrician a bhí na Pléiteoirí go hiondúil, ach bhí pátraicigh bhochta agus daoine saibhre ag an bPoblacht nach maireann.

Bhí an t-oideachas teoranta don mhéid a mhúinfeadh a dtuismitheoirí dóibh, rud nach raibh ann ach bunghnéithe na scríbhneoireachta, na léitheoireachta agus na matamaitice a fhoghlaim. Bhí na pobail níos saibhre in ann a bpáistí a chur chuig na scoileanna nó teagascóir príobháideach a fhostú.