Buama neodrón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula d'armaBuama neodrón
Cineálweapon functional class (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard atá sa bhuama neodrón[1]arm núicléach atá beag a dhóthain chun a oibriú ar pháirc an áir. Ainm eile air is ea arm radaíochta méadaithe. Scaoiltear é mar shliogán airtléire nó mar chuid phléascach i dtosach diúracáin ghearr-raonaigh, agus cruthaíonn a mhadhmadh an-chuid radaíochta níos mó ná pléascadh is teas. Mar sin, bíonn an iarmhairt scriosta dírithe ar rudaí beo thar aon rud eile, criúnna tancanna is feithiclí neartaithe eile, agus daoine i ndídean ar féidir leis an radaíocht treá isteach iontu.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “neutron bomb — Aistriúchán Gaeilge ar neutron bomb (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-04-28.
  2. Hussey, Matt (2011). "Buama neodrón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 97.