Buamáil Mhanchain (1996)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Buamáil Mhanchain, 1996)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBuamáil Mhanchain
Íomhá
Map
 53°29′N 2°14′W / 53.48°N 2.24°W / 53.48; -2.24
Cineálionsaí buamála Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1996 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhManchain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna0 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe212 Cuir in eagar ar Wikidata


Na soilse tráchta, sráid Cross agus sráid Market

Ar an 15 Meitheamh 1996, phléasc buama leoraí (1,500 cileagram) ollmhór i Manchain.[1] Scriosadh limistéar mór i lár na cathrach.

Is cúis iontais é nár maraíodh aon duine. Ach gortaíodh 212 agus rinne damáiste ollmhór do struchtúr na bhfoirgneamh i gcathair Mhanchain

Ghlac na Sealadaigh freagracht as. B'é an t-ionsaí buamála ba mhó i stair na Breataine Móire i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.

Cuimhneachán

Bhí na seirbhísí éigeandála an-ghasta ag freagairt don réamhrabhadh teileafóin a tugadh don stáisiún áitiúil teilifíse, agus cé go rabhthas in ann líon na dtaismeach a íosmhéidiú, gortaíodh breis is dhá chéad duine mar sin féin, agus cuid acu taobh amuigh den teorainn slándála a cuireadh ar bun timpeall ar an áit dhainséarach.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh dhá bhliain imithe ó shíniú an tSos Cogaidh, nuair a chuir an tIRA ar ceal é ar an 9 Feabhra 1996. Níos deireanaí ar an lá céanna, phléasc buama leath-thonna i gceantar Canary Wharf i Londain.

Níos déanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhógair an IRA sos comhraic nua ar 19 Iúil 1997.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Youtube (1996). "Massive Truck Bomb Explodes in England". Dáta rochtana: 2020.