Buamáil Abercorn (1972)
| ||||
Cineál | ionsaí buamála | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 4 Márta 1972 | |||
Ionsaí sceimhlitheoireachta i dTuaisceart Éireann ab ea Buamáil Abercorn sa bhliain 1972. Ionsaí fánach a bhí ann, san iarnóin ar an Satharn, agus daoine ag siopadóireacht fuinneoige srl, an chéad ionsaí buama ar shibhialtaigh neamhchiontacha le linn na dTrioblóidí.
Pléasc
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phléasc buama geilignít (2.3kg) i mbialann Abercorn i mBéal Feirste, ar an 4 Márta 1972. Bhí an buama i mála a d’fhág beirt bhan óg nár ordaigh aon rud.
Maraíodh beirt bhan eile, Anne Owens (22), agus Janet Bereen (21), Caitlicigh a bhí amach ag siopadóireacht an lá sin, nuair a stop siad le sos a ghlacadh.[1] Gortaíodh 130 eile. Bíonn caint i mBéal Feirste go dtí an lá inniu faoin slad a rinneadh agus na huafáis a chonaic lucht tarrthála sa smionagar.[2]
Chuir an t-ospidéal Royal Victoria a phlean éigeandála i ngníomh don chéad uair le linn na dTrioblóidí.
Cháin an pobal an t-ionsaí d'aon ghuth. Níor cúisíodh riamh na daoine a raibh baint acu leis an sléacht. Níor ghlac aon duine an fhreagracht. Shéan an t-IRA Oifigiúil agus na Sealadaigh ag an am gurbh iad ba chiontaí leis an ionsaí.
Níos déanaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leagadh an foirgneamh sa bhliain 2007.
Bhí daoine ann ag fanacht beagnach 50 bliain ar thacaíocht airgid.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Póilín Ní Chiaráin (30 Lún 2020). ""B’in é an pobal ar mhaígh na Sealadaigh go raibh siad ag troid chun iad a chosaint." Masla i gceann na héagóra do dhaoine neamhurchóideacha a gortaíodh le linn na dTrioblóidí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-04.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (26 Lúnasa 2020). "Beag is fiú déanta de leas na n-íobartach ag Sinn Féin agus an DUP" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-04.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (14 Aib 2021). "Gealltanas Stormont d’íobartaigh ar deireadh thiar thall" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-04.