Bro-Gerne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBro-Gerne

Suíomh
Map
 47°59′45″N 4°05′52″W / 47.9958°N 4.0978°W / 47.9958; -4.0978

PríomhchathairKemper Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán475,233 (2007) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús79.48 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deAn Bhriotáin Íochtarach Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla5,979 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú865

Réigiún stairiúil sa Bhriotáin is ea Bro-Gerne (La Cornouaille as Fraincis, Cornugallia as Laidin) agus tugtar anois é ar leath deas Chontae Penn-ar-Bed timpeall príomhchathair an chontae Kemper chomh maith le stracaí beaga as Contaetha Mor-Bihan agus Aodoù-an Arvor.

Tá 218 pobal i mBro-Gerne ina raibh 456,307 daoine ina gcónaí sa bhliain 1999. Tá achar 5,979km² ar an limistéar.

Tagann an t-ainm Fraincise Cornuaille ón bhfocal Briotáinis do Chorn na Breataine mar gur go dtí an chríoch seo a theith sean-Bhreatnaigh ón gCorn ó na Sacsanaigh tar éis titim Impireacht na Róimhe.

Deineadh an chéad tagairt don limistéar idir na blianta 852 agus 857 i réim easpag Anawaten ar dheoise Chorentin Naofa, a bunaíodh sa bhliain 495. Ina dhiaidh sin, tugadh Bro-Gerne ar limistéar dheoise Kemper. Aontaíodh an deoise le Diúcacht na Briotáine san 11ú haois.

I ndiaidh Réabhlóid na Fraince, ath-eagraíodh Bro-Gerne mar chuid de Chontae Penn-ar-Bed.

Is anseo is láidre atá cultúr na Briotáine agus is ann freisin atá an ceantar is mó ina labhraítear fós an Bhriotáinis mar ghnáth-theanga.

Tá Ker-Ys, nó Ys, cathair a bhí, de réir finscéalta na Briotáine, lonnaithe i gCuan Douarnenez, Penn-ar-Bed. Ba é an Rí Gradlon a thóg é dá iníon Dahut.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]