Breaker Morant
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en-gb) Edwin Henry Murrant 9 Nollaig 1864 Sasana, Ríocht Aontaithe |
Bás | 27 Feabhra 1902 37 bliana d'aois Pretoria |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Tráma balaistíoch) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | Impireacht na Breataine |
Céim mhíleata | leifteanant |
Coinbhleacht | Dara Cogadh na mBórach |
Eile | |
Ciontaíodh i | coir chogaidh |
Croineolaíocht | |
breith iarbháis | |
Oifigeach san arm Briotanach ba ea Leifteanaint Harry "Breaker" Morant (9 Nollaig 1864 – 27 Feabhra 1902).
Cuireadh é chun báis le scuad lámhaigh tar éis d'armchúirt é a chiontú i bpríosúnaigh a dhúnmharú le linn Dara Cogadh na mBórach (cuireadh a comrádaí, Peter Handcock, chun báis chomh maith). D'admhaigh Morant gur dhúnmharfóir é agus ní raibh éinne in amhras gur mharaigh Morant daoine gan chosaint, idir phríosúnaigh agus sibhialtaigh, le tréan díoltais.[1]
É sin ráite, tá an cás conspóideach fós. sa chéad dul síos, bhí sáruithe nósanna imeachta ann sna trialacha. Níos tábhachtaí, meastar go ndearnadh ceap milleáin de, mar gheall ar pholasaí a tháinig ó leibhéal ní b'airde a chur i bhfeidhm.
Mhaígh Morant agus Handcock gur
- chóir pardún a thabhairt (condonation)[2] ar an mbonn gur comhlíonadh dualgas onóra nó iontaobhais tar éis eolais maidir le cion a rinne an saighdiúir (leithscéal leagtha síos ag Diúc Wellington)
- fuarthas ordú ó oifigeach a bhí os cionn an chiontóra.[3] Ach shocraigh an armchúirt sa chás seo (trí fhorcheilt, mar a bhítear á mhaíomh) nár tugadh aon ordú dá leithéid sin.
Cúisíodh beirt eile, An Mhaoir Robert Lenehan (Roibeard Uí Léanacháin) agus An Chaptaein Alfred Taylor (a rugadh i mBaile Átha Cliath). Bhí na hionchúisitheoirí míleata ag díriú go príomha orthu, mar na tionscnóirí a bhí taobh thiar de na cionta. Ach níor thoiligh Morant nó Handcock tiontú i d'fhinné ar son an Rí in aghaidh Lenehan agus Taylor agus fuarthas iad araon neamhchiontach.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Breaker Morant". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ "Condonation" (as en) (2022-08-11). Wikipedia.
- ↑ "'Superior orders̊' nó the 'Nuremburg defense'" (as en) (2023-02-25). Wikipedia.