Peter Handcock

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPeter Handcock

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1869
New South Wales, Astráil Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1902
32/33 bliana d'aois
Pretoria Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTráma balaistíoch
Gníomhaíocht
Gairmsaighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
GéillsineImpireacht na Breataine
Céim mhíleataleifteanant Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Ciontaíodh idúnmharú Cuir in eagar ar Wikidata

Oifigeach san arm Briotanach ba ea Leifteanaint Peter Handcock (17 Feabhra 186827 Feabhra 1902).

Cuireadh é chun báis le scuad lámhaigh tar éis d'armchúirt é a chiontú i bpríosúnaigh a dhúnmharú le linn Dara Cogadh na mBórach (cuireadh a comrádaí, Breaker Morant, chun báis chomh maith). D'admhaigh Handcock gur dhúnmharfóir é agus ní raibh éinne in amhras gur mharaigh Morant daoine gan chosaint, idir phríosúnaigh agus sibhialtaigh, le tréan díoltais.[1]

1902ː Major James Francis Thomas, abhcóide na gcosantóirí, roimh uaigh Morant agus Handcock

É sin ráite, tá an cás conspóideach fós. sa chéad dul síos, bhí sáruithe nósanna imeachta ann sna trialacha. Níos tábhachtaí, meastar go ndearnadh ceap milleáin de, mar gheall ar pholasaí a tháinig ó leibhéal ní b'airde a chur i bhfeidhm.

Mhaígh Handcock agus Morant gur

  • chóir pardún a thabhairt (condonation)[2] ar an mbonn gur comhlíonadh dualgas onóra nó iontaobhais tar éis eolais maidir le cion a rinne an saighdiúir (leithscéal leagtha síos ag Diúc Wellington)
  • fuarthas ordú ó oifigeach a bhí os cionn an chiontóra.[3] Ach shocraigh an armchúirt sa chás seo (trí fhorcheilt, mar a bhítear á mhaíomh) nár tugadh aon ordú dá leithéid sin.

Cúisíodh beirt eile, An Mhaoir Robert Lenehan (Roibeard Uí Léanacháin) agus An Chaptaein Alfred Taylor (a rugadh i mBaile Átha Cliath). Bhí na hionchúisitheoirí míleata ag díriú go príomha orthu, mar na tionscnóirí a bhí taobh thiar de na cionta. Ach níor thoiligh Morant nó Handcock tiontú i d'fhinné ar son an Rí in aghaidh Lenehan agus Taylor agus fuarthas iad araon neamhchiontach.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Breaker Morant". Dáta rochtana: 2022.
  2. "Condonation" (as en) (2022-08-11). Wikipedia. 
  3. "'Superior orders̊' nó the 'Nuremburg defense'" (as en) (2023-02-25). Wikipedia.