Braiteog

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cugal le 2 bhraiteog agus 8 ghéag

Sa zó-eolaíocht, is orgán solúbtha, soghluaiste agus fadaithe é braiteog a bhíonn i láthair i roinnt speiceas ainmhithe, inveirteabraigh a bhformhór. San anatamaíocht ainmhithe, tarlaíonn braiteoga i bpéire amháin nó níos mó de ghnáth. Ó thaobh na hanatamaíochta de, oibríonn braiteoga ainmhithe cosúil le hidreastait mhatáin go príomha. Úsáidtear an chuid is mó de na braiteoga le haghaidh greamaithe agus cothaithe. Orgáin chéadfacha is ea go leor acu, roinnt acu a ghlacann le teagmháil, radharc, nó le boladh nó blas bianna nó bagairtí áirithe. Samplaí de bhraiteoga den sórt sin is ea na hadharcáin súile a bhíonn ag cineálacha éagsúla seilidí. Tá feidhmeanna céadfacha agus láimhsithe ag roinnt cineálacha braiteog.

Tá braiteog cosúil le ciorras, ach is orgán é ciorras nach mbíonn neart, méid, solúbthacht nó íogaireacht na braiteoge ann de ghnáth. Tá ciorrais ag nátalas, ach tá braiteoga ag scuid.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]