Seilmide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSeilmide
Gastropoda Cuir in eagar ar Wikidata

Helix pomatia Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
ForíochtEumetazoa
FíleamMollusca
FofhíleamConchifera
AicmeGastropoda Cuir in eagar ar Wikidata
Cuvier, 1797

Is éard atá i seilmide (nó seilide), a bheag nó a mhór, ná gastrapód a bhfuil sliogán air. Tugtar poigheachán ar shliogán an tseilmide go traidisiúnta.[1] Úsáidtear an téarma seilmide is minice ar sheilmidí talún, ach tugtar an t-ainm ar go leor ball den ord Gastropoda a bhfuil sliogán seachtrach corntha orthu atá sách mór lenar féidir leis an ainmhí tarraingt go hiomlán isteach ann. Nuair a úsáidtear an focal seilmide sa chiall níos leithne seo, cuireann sé roinnt speiceas a chónaíonn san fharraige nó i bhfíoruisce san áireamh, mar shampla an seilmide fionnuisce[2] agus an seilmide cladaigh (Littorina littorea)[3]. De ghnáth, tugtar drúchtín ar ghastrapód nach bhfuil sliogán go nádúrtha air, nó nach bhfuil ach sliogán inmheánach acu, ach úsáidtear seilide drúchta sa chás seo freisin.

Ní beag an bhaint atá ag seilmidí leis an saol daonna, mar shampla mar fhoinse bia, mar lotnaidí, agus mar veicteoirí galair, agus úsáidtear sliogáin seilmide mar mhaisiúcháin nó i seodra. Baintear úsáid freisin as an seilide i gcora cainte a dhéanann tagairt do rud nó do dhuine mall: chomh mall le seilmide, is é teacht an tseilide atá aige.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]