Brúchtadh Hunga Tonga–Hunga Haʻapai (2022)
| ||||
| Cineál | Surtseyan eruption (en) Plinian eruption (en) | |||
|---|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 15 Eanáir 2022 (04:14:45) | |||
| Suíomh | Hunga, Tonga | |||
| Tír | Tonga | |||
| Is cúis le | eruption column (en) crith talún tonn turrainge súnámaí ash rain (en) 2022 Callao oil spill (en) | |||
| Méadaíocht crith talún (Scála Richter) | 5.8 | |||
| Líon básanna | 5 (17 Eanáir 2022) | |||
| Líon gortaithe | 4 (16 Eanáir 2022) | |||
| Haischlib | #TogetherForTonga | |||
Ar 14 Eanáir 2022, tharla brúchtadh pléascach ag an mbolcán muirí Hunga-Tonga Hunga-Ha’apai, seasca cúig ciliméadar ó thuaidh ó Tongatapu, an t-oileán is mó in Tonga.[1] Ghin an brúchtadh súnámaí a d’imigh ar fud an Aigéin Chiúin, agus a mharaigh ar a laghad triúr in Tonga; tonn turrainge san atmaisféar a d’imigh timpeall an domhain faoi dhó; agus scamall mór deannaigh agus deataigh, agus na céadta splanc thintrí gach nóiméad taobh istigh ann, agus a d’imigh suas go dtí an strataisféar.[1]
Scrios an brúchtadh an cábla cumarsáide le Tonga, agus tar éis an tsunami, bhí na hoileáin uilig faoi bhrat luatha. Bhí an príomh-rúidbhealach glanta agus an t-aerfort ar oscailt cúpla lá níos déanaí. Mar sin féin, bhí díospóireacht ar siúl in Tonga ag an am idir cabhair a ligean isteach, agus COVID a choimeád amuigh.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Conradh na Gaeilge Londain (22 Eanáir 2022). "Nuacht Mhall / Maigh Eo(podcast)" (ga). Listen Notes. Dáta rochtana: 2022-01-24.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
