Bliain na gCeithre Impirí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa bhliain 68, d'éirigh na míleataigh amach in aghaidh Nearó. Chuir an t-impire lámh ina bhás féin ansin, de rogha ar an gcur chun báis a bhí i ndán dó. Sa bhliain 69, thum an Impireacht i gcogadh cathartha ar feadh bliana, a dtugtar Bliain na gCeithre Impirí air.

Otho

Galba[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thacaigh an Garda Praetóireach Galba[1] ar dtús. Níor mhair sé ach cúpla mí. Mharaigh Otho é ar 15 Eanáir 69 agus agus ghabh sé an chumhacht le lámh láidir.

anbhás Vitellius, le Henri-Augustin Gambard, 1847

Otho[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig, Otho[2] i gcomharbas ar Ghalba. Sheas ginearál eile, Vitellius, ina choinne don cheannaireacht. Fuair 40,000 bás i gcath Bedriacum, is cosúil.[3] Chuir Otho lámh ina bás féin.

Vitellius[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceapadh Vitellius[4] ina Impire in Aibreán na bliana 69. Ní raibh Vitellius i gcumhacht ach ar feadh cúpla mí. Cuireadh as oifig é le linn coup d’état agus Vespasian i mbun. Fuair Vitellius anbhás ar an 22 Nollaig 69.

Vespasian[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Vespasian i gcomharbacht air. Ach thacaigh Vespasian le Vitellius ar dtús.[5] Tamaill ina dhiaidh, d'fhógair na hairm san Éigipt agus Iúdáia Vespasian mar impire ar an 1 Iúil.

Ina iarracht chun chumhacht a bhaint amach, nasc Vespasian a fhórsaí le Mucianus, gobharnóir na Siria, agus le Primus, ginearál i bPannonia, agus mháirseáil sé ar an Róimh.[5]

Vespasianus

Treoraigh Primus agus Mucianus fórsaí na bhFlaiviach i gcoinne Vitellius. Ar an 20 Nollaig 69, briseadh ar Vitellius, agus an lá dár gcionn dhearbhaigh an Seanad Vespasian ina Impire Rómhánach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Laidin: Servius Sulpicius Galba Caesar Augustus
  2. Laidin: Marcus Salvius Otho Caesar Augustus
  3. "Battle of Bedriacum" (as en) (2020-11-05). Wikipedia. 
  4. Laidin: Aulus Vitellius Germanicus Augustus
  5. 5.0 5.1 examinations.ie/ (2010). "AN ARDTEISTIMÉIREACHT 2010, Laidin". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2020.