Bleachtán
Appearance
Sonchus | |
---|---|
bleachtán mín | |
Planda | |
Cineál an toraidh | aicéin |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asterales |
Fine | Asteraceae |
Fofhine | Cichorioideae |
Géineas | Sonchus L., 1753 |
Cuimsíonn sé plandaí éagsúla sa ghéineas Sonchus, cuid acu bliantúil, cuid eile ilbhliantúil (Béarla: sow thistle).[1] Dúchasach don Eoraip, an Áise is an Afraic. Úscann an gas laitéis bhán nuair a bhristear é. Na duilleoga go minic le himill spíonacha, na gasduilleoga ag fáisceadh an ghais le dhá liopa chruinne, cosúil le cluasa, ag a mbun. An bláthcheann mór buí, cosúil le caisearbhán. Ní fíorfheochadán é, mar bíonn spíonta an fheochadáin níos righne géire.[2]
Samplaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Sonchus arvensis — bleachtán léana
- Sonchus asper — bleachtán colgach
- Sonchus oleraceus — bleachtán mín nó bleachtfheochadán
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Sonchus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Slóchtán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 607.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |