Bithchlíomeolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is bithchlíomeolaíocht[1] ann ná staidéar ar an aeráid (nó clíoma) agus conas a chuireann sí isteach ar dhaoine: mar shampla, an t-áireamh ar fhachtóir an ghaothfhuaraithe is ar chéimlaethanta. Is céimlá an difríocht idir meánteocht lae is teocht tairsí shocraithe. Má bhionn an céimlá diúltach go seasmhach (is é sin, níos lú ná an teocht tairsí) is féidir gur gá téamh a sholáthar.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): bithchlíomeolaíocht” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-17.
  2. Hussey, Matt (2011). "Bithchlíomeolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 75.