Jump to content

Cardamine pratensis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Biolar gréagáin)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCardamine pratensis Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtPlantae
OrdBrassicales
FineBrassicaceae
TreibhCardamineae
GéineasCardamine
SpeiceasCardamine pratensis Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Is planda bláthanna den fhine Brassicaceae é Cardamine pratensis, ar a tugtar léine Mhuire agus biolar gréagáin[1] freisin in Éirinn. Ciallaíonn a ainm Laidine pratensis "móinéar".

Is planda luibheach ilbhliantúil gan ghruaig é, ag fás go 40-60 cm ar airde, le duilleoga cleiteacha 5-12 cm ar fad le 3-15 duillín, gach duillín thart ar 1 cm ar fad. Táirgtear na bláthanna ar spící 10-30 cm ar fad, gach bláth 1-2 cm ar trastomhas le ceithre pheiteal vialaitbhándearg an-éadrom (ach bán, go hannamh). Tá stíl na dtorthaí gearr nó fada. Is fearr a fhásann sé gar d'uisce.

Faightear an speiceas go coitianta ar fud na Breataine Móire agus na hÉirean.

Fástar é mar phlanda ornáideach i ngairdíní, agus tá sé sé tugtha chun cineáil i Meiriceá Thuaidh mar thoradh ar shaothrú. I roinnt tíortha Eorpacha, lena n-áirítear codanna den Ghearmáin, tá an planda faoi bhagairt anois.

Is planda bia é don fhéileacán an barr buí (Anthocharis cardamines) agus cuireann sé go mór le gairdín ar bith a bhfuil sé mar aidhm aige fiadhúlra a mhealladh. Úsáideadh uair amháin é mar ionadaí ar bhiolar uisce.

  1. “Cardamine pratensis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.