Biafra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBiafra
Republic of Biafra (en) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach
Bratach

AintiúnLand of the Rising Sun Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 6°27′N 7°30′E / 6.45°N 7.5°E / 6.45; 7.5

PríomhchathairEnugu, Owerri agus Umuahia Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán13,500,000 Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús174.63 hab./km²
Teanga oifigiúilan Íogbóis
Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnAn Chríostaíocht agus anamachas Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla77,306 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1967
Díscaoileadh1970
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadrapunt Bhiafra Cuir in eagar ar Wikidata

Ba stát in iarthar na hAfraice a scar ón Nigéir sa bhliain 1967 é Biafra.[1]

Fuair sé a ainm ó Bhiochta Bhiafra atá suite ó dheas ó oirdheisceart na Nigéire agus siar ó Chamarún agus an Ghabúin.

Sa bhliain 1967, d'fhógair cúige Oirthear na Nigéire go raibh neamhspleáchas bainte amach aige, agus thugadar Biafra nó Poblacht Bhiafra orthu féin. Is sa cheantar seo a bhí go leor misinéirí, idir shagairt agus mhná rialta, ag obair. Theip ar an ngluaiseacht agus tar éis dianchogadh, cuireadh deireadh leis an stát nua sa bhliain 1970.

Ba den chine Igbo iad formhór na ndaoine. Bhí sagairt agus easpaig ó Chuallacht an Spioraid Naomh (C.S.Sp) ann ina measc ó thús an chéid sin. Cáil ar chuid acu, an tEaspag Joseph Shanahan (1871–1943) a chaith a shaol ann ó 1902 ina measc. Bhí cuallachtaí eile i measc na dtreibheanna eile sa cheantar — Efik, Ibibio, Annang, Ejagham, Eket, Ibeno agus na hIjaw.

Cé go bhfuair an stát nua aitheantas agus cabhair ó roinnt tíortha sa Afraic, d'éirigh le Rialtas na Nigéire cosc a chur ar chúnamh bia, agus tharla gorta mór ann. Fuair dhá mhilliún duine bás sa chogadh nó sa ghorta.

As sin d'éirigh an eagraíocht carthanachta atá fós ar an saol — "Concern".

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Biafra” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-18.