Betacam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Betacam

Trádainm ar chóras taifeadta is atáirgthe fístéip caiséid a thug comhlacht Sony isteach i 1981. Úsáideadh ar dtús é le haghaidh bailiú leictreonach nuachta, agus glacadh go forleathan leis ar fud an Domhain i ngach gné de tháirgeadh físe. Baineann sé feidhm as rianta scoite taifeadta do na comharthaí lonrais is crómanais ar théip atá 12.7 mm ar leithead a ritheann ag 10.15 cm s-1 i ndlúthchaiséid. Is leagan feabhsaithe de an Betacam SP, téip le páirteagail mhaighnéadacha mhiotalacha chun bandaleithead níos mó agus caighdeán feabhsaithe íomhá a bhaint amach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Betacam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 73.