Fístéip

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Meascán d'fhístéipeanna

Téip poileistir sholúbtha le brat maighnéadach ardchineáil i gcomhair taifeadadh is athsheinm físchomharthaí is ea fístéip. Ar dtús, easrú ocsaíde feirí a bhíodh sa bhrat, agus feabhsaíodh é seo trí chóbalt a chur leis. De réir a chéile rinneadh feabhsuithe eile le dé-ocsaíd chróim, easruithe páirteagal miotalach, agus brait miotail ghalaithe, lenar féidir níos mó eolais a thaifeadadh ar bhandaí níos tanaí éadoimhne ná riamh. Déantar fístéip le leithid éagsúla, ach 8 mm is 6.3 mm a bhíonn i gcaiséid baile. Laghdaíodh an tiús ó 30-35 μm go 13-16 μm, fiú 10 μm i gcás na dtéipeanna miotail ghalaithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fístéip". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 274.