Bearaig a Tuath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBearaig a Tuath

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 56°03′29″N 2°43′01″W / 56.058°N 2.717°W / 56.058; -2.717
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Limistéar comhairle in AlbainLodainn an Ear Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán7,840 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistEH39 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinnorth-berwick.co.uk… Cuir in eagar ar Wikidata

Is sráidbhaile suite i Lodainn an Ear é Bearaig a Tuath. (Béarla: North Berwick). Tá sé suite idir Meall Bhearaig agus na hoileáin bholcánacha Fidra agus Creag nam Bhathis.

Nuair a chuaigh oilithrigh go Cill Rímhinn, ba ghnách leo dul go Bearaig a Tuath chun an bád farantóireachta a thógáil go Earlsferry i bhFìobha.

D'úsáideadh an "Auld Kirk Green", taobh leis an chuan le haghaidh cruinnithe i dTrialacha Cailleach Bhearaig a Tuath (1590-92). De réir na fhinscéil d'fhreastail "Satán é féin" ar dheasghnáth ansin i 1590, cé gur dóichí gur "Francis Stewart, 5ú Iarla Bothwell a bhí ina Shatán. Le linn an séú haois déag bhí baint ag 70 duine ar a laghad le Trialacha na gCailleach, agus spreag na himeachtaí saothair mar "Tam o 'Shanter" le Burns agus "The Thirteenth Member" le Mollie Hunter. Ba é ceann de na trialacha cailleach ba cháiliúla i mBearaig a Tuath ná ceann Agnes Sampson. Cúisíodh í as posóid a dhéanamh chun stoirmeacha garbha a chruthú sa Mhuir Thuaidh mar go raibh Rí Séamas VI na hAlban ag seoladh abhaile ón Danmhairg lena bhean chéile nua, Anne na Danmhairge. Reáchtáladh an triail i 1591, ar fhreastail an Rí Séamas air. Céasadh Agnes Sampson chun admháil a bhain, agus ansin dódh í ag anstáca, cosúil le go leor duine neamhchiontach eile.

Tá go leor cúrsa gailf ann, agus cuan deas anseo freisin. Tá stáisiún iarnróid ag an mbaile agus nascann sé Bearaig a Tuath le Dún Éideann agus le bailte eile i Lodainn an Ear mar Bhaile nam Feusgan.

Daoine Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]