Bavaria
Is grúdlann Ollannach í Bavaria. Tá sí suite i Lieshout i dTuaisceart Brabant san Ísiltír. Bhunaigh Laurentius Moores an ghrúdlann i 1719.
Sonraithe Gearra[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is le muintir Swinkels an ghrúdlann.
Táirigíonn an comhlacht raon lágair meathbháin le méideanna éagsúla alcóil iontu. Déanann siad é seo faoi brandainmneach difrúila, ina measc Bavaria agus Hollandia. Tá conradh ag Bavaria chun roinnt brandaí Eorpacha aonaracha lágar Ollannach eile a ghrúdú.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhunaigh Lauentius Moors an ghrúdlann i 1719 agus tháirgigh sé thart ar 88 bairille beoracha in aghaidh na bliana. Nuair a fuair Jan Sbinkels an ghrúdlann trí oidhreacht i 1851, tharla forleathnú ar an ngrúdlann. Méadaíodh a dtáirgeacht agus a gcur amach. Faoi 1924 bhí an ghrúdlann éirithe róbheag agus tógadh ceann nua. Cuireadh gléasra meicniúil buidéalaithe leis i 1933 a tháirg 2,000 budéal in aghaidh na huaire. Tógadh monarcha braiche i 1910 a tháirgíonn braich do ghrúdlann Bavaria agus roinnt grúdlann eile fós. Tá fáil ar Bhavaria i dhá thír faoi láthair, Éire ina measc. Táirgíonn Bavaria 400 milliún lítear in aghaidh na bliana.
Corn Domhanda FIFA 2006[cuir in eagar | athraigh foinse]
Chruthaigh Bavaria roinnt conspóide ag an gCorn Damhnada sacair i 2006, nuair a chaith lucht tacaíochta foireann náisúinta na hÍsiltíre, Leeuwenhosen(cineál éadaigh), leis an lógó Bavaria orthu. Tugadh na Leeuwenhosen saor in aisce do dhaoine a cheannaigh earraí Bavaria. Dúirt FIFA go raibh sé seo mí-dhleathach mar gheall gur 'ambush marketing' a bhí ann agus bhí comhluchtaí móra tar éis airgead mór a íoc chun na cearta urraíthe a bheith acu. Ag an gcluiche i gcoinne an Chósta Eabhair, bhí ar an lucht tacaíochta na Leeuwenhosen a bhaint díbh agus iad a athrú le cinn gan lógó ar bith orthu.