Jump to content

Bartolomé Colón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBartolomé Colón
Beathaisnéis
Breith1460 (Féilire Ghréagóra)
Genova Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1515
54/55 bliana d'aois
Santo Domingo Cuir in eagar ar Wikidata
Gobharnóir sealadach An Easpáinneoil
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtaiscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Spáinnis
Ghlac sé/sí páirt i
22 Samhain 1493Columbus Administration in Hispaniola (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairDomenico Colombo  agus Susanna Fontanarossa
SiblínCriostóir Colambas agus Diego Colombos

Ba deartháir óg le Cristobel Colón é Bartolomé Colón; (Iodáilis: Bartolomeo Colombo; t.1461 – 1515).

Bhí Bartolomeo ina chairteoir i Liospóin na Portaingéile sna 1470í, mar a raibh príomhionad léarscáilíochta an domhain ag an am. Lena dheartháir Cristobel thiomsaigh sé "Fiontar na nIndiacha", scéim chun greim na Portaingéile ar thrádáil na spíosraí leis an Chianoirthear a bhriseadh, trí sheoladh siar thar an Aigéan Atlantach go Oirthear na hÁise.

Sna blianta déanacha de na 1480í chuaigh Bartoloméo a chónaí sa Fhrainc, agus rinne sé iarracht spéis rí na Fraince sa scéim a mhúscailt, mar a rinne Cristobel sa Spáinn le Banríon na tíre sin.

Dealbh, Bartolomé Colón, República Dominicana

Chuala Bartoloméo sa bhliain 1493 go raibh rath ar thuras a dhearthára agus chuaigh sé chun na Spáinne agus Cristobel imithe cheana féin ar a dhara thuras. Le cúnamh airgid ón choróin sheoil sé go dtí an Easpáinneoil (nó Quisqueya sa teanga Taino) i 1494 chun bualadh le Cristobel.

D'fhan sé ar an oileán sin ar feadh sé bliana go leith (1494-1500) mar chaptaen ar cheann de na longa nó mar ghobharnóir leis an teideal Adelanto nuair a bhí a dheartháir as láthair.

Bhunaigh sé an chathair Santo Domingo de Gusman ar an oileán idir na blianta 1494 agus 1498, atá anois ina phríomhchathair ag an Phoblacht Dhoiminiceach. Rinneadh an-chuid gearán faoina réimeas mar ghobharnóir agus cuireadh é féin, Cristobel, agus deartháir eile Giacomo (nó Diego) i bpríosún agus sheoil Francisco de Bobadilla ar ais chun na Spáinne iad i mí na Nollag 1500. Fuair siad pardún ríoga agus sheoil Bartoloméo le Cristobel ar a thuras deireanach go Meiriceá.

Monumentos Paseo de la Reforma, Meicsiceo

D'ainmnigh Cristobel Colón an t-oileán St Bartholomé ina onóir.

Fuair sé bás i Santo Domingo sa bhliain 1515, agus tháinig a dheartháir Diego i gcomharbacht air mar rialtóir na hEaspáinneola.