Barry McGuigan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBarry McGuigan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Feabhra 1961
63 bliana d'aois
Muineachán, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Airde168 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdornálaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tír spóirtÉire
an Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtdornálaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Disciplín spóirtcleitmheáchan Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
1980Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1980 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteDanika McGuigan, Shane McGuigan Cuir in eagar ar Wikidata
AthairPat McGuigan
Gradam a fuarthas

Musicbrainz: a3b53870-cf80-47fe-af40-70208974a7b0 Cuir in eagar ar Wikidata

Dornálaí as Cluain Eois ba ea Barry McGuigan agus ina bhainisteoir agus ina phoiblitheoir ó shin.


in a previous incarnation, he was world champion bhí craobh an domhain aige tráth

Rinneadh curadh an domhain sa rannóg cleitmheáchan de i gCraobh Dornálaíochta an Domhain sa bhliain 1985.

Mar dhornálaí proifisiúnta bhuaigh McGuigan 32 troid as 35. Bhuaigh sé 28 acu le buillí scoir [1]. Bhain McGuigan go leor gradam aitheantais fosta. Rinneadh ball de i Halla Chlú na Dornálaíochta Idirnáisiúnta.

Is saoránach de chuid an Ríocht Aontaithe é McGuigan (tá saoránacht Éireannach air chomh maith). Mar sin thoid McGuigan ar son na hÉireann agus ar son na Breataine chomh maith.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Barry (Finbarr) McGuigan i gCluain Eois, Contae Mhuineacháin, ar 28 Feabhra 1961. Mar dhornálaí amaitéarach, throid McGuigan le clubanna éagsúla thuaidh agus theas.

Throid Barry McGuigan le foireann Thuaisceart Éireann sna Cluichí Comhlathais sa bhliain 1978. Throid sé le foireann na hÉireann sna cluichí Oilimpeacha i 1980.

Is i mBéal Feirste is mó a bhí a lucht leanúna ann. Bhí McGuigan ábalta a dhéanamh fosta tacaíocht mhór a fháil ó Phrotastúnaigh agus ó Chaitlicigh. Rugadh McGuigan ina Chaitliceach agus phós sé bean Phrotastúnach. Níor chaith sé dathanna ná bratacha a dhéanfadh Caitliceach ná Protastúnach de.

07/10/2011, Royal Albert Hall, agus bhí McGuigan ann ina phoiblitheoir

Dornálaí proifisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thiontaigh McGuigan ina dhornálaí proifisiúnta i 1981 agus is i mBaile Átha Cliath a bhain sé a chéad troid phroifisiúnta.

Bhain sé troid eile ansin agus bhí sé ar an bhealach mar dhornálaí proifisiúnta mar is ceart. Ach cuireadh sin siar go mór nuair a chaill sé troid chonspóideach in éadan Peter Eubanks i Londain. Ach bhain sé cúpla troid eile ina dhiaidh sin in éadan daoine eile. Fuair sé troid eile in éadan Eubanks agus an t-am seo bhuail sé é. Díoltas!

Barry McGuigan ag an London 2012 Boxing Arena

Bás Young Ali[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith na bliana 1982, throid Barry McGuigan dornálaí Nigéireach darbh ainm Young Ali. Leag fear Chluain Eois amach a chéile comhraic sa 6ú babhta,[2] thit Ali i laige le buille scoir agus níor tháinig sé chuige féin arís. Bhásaigh Young Ali mhí dár gcionn. Go gairid ina dhiaidh sin ba é McGuigan seaimpín an domhain.

Chuaigh an bás go mór i bhfeidhm ar McGuigan. Deir sé fós nach bhfuil lá dá dtagann nach smaoiníonn sé ar Young Ali agus ar a mhuintir.

Craobh an domhain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1983 bhain McGuigan craobh na Breataine. I 1984 throid sé in éadan Valerio Nati i mBéal Feirste i gcraobh na hEorpa. Bhain sé sin fosta. Ansin bhí a shúile ar chraobh an domhain.

I 1985 fuair sé an deis chun troid in éadan churadh an domhain Eusebio Pedroza i Londain ar 8 Meitheamh 1985. Troid fhíochmhar a bhí ann a mhair 15 bhabhta. Bhain McGuigan an troid le cinneadh na mbreitheamh. Rinneadh ‘duine spórtúil na bliana’ de chuid an BBC de.

Crios caillte ag McGuigan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne McGuigan cúpla cosaint ina dhiaidh sin. Ansin, b’éigean dó dul go Las Vegas le troid in éadan Stevie Cruz as Texas. Tharla an troid faoi theas bocht agus ní raibh McGuigan ábalta cur suas leis. Choinnigh McGuigan dul go dtí an babhta deireanach.

Chaill McGuigan an cinneadh. Bhí McGuigan chomh lag sin i ndiaidh na troda go raibh air dul chuig an ospidéal tamall le díhiodráitriú.

Lean McGuigan ag troid idir 1988 – 1989. Bhain sé cúpla troid ach chaill sé in éadan Jim McDonnell sa deireadh agus d’éirigh sé as dornálaíocht go deo ansin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "NIcurriculum.org.uk". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-01-01. Dáta rochtana: 2016-06-07.
  2. "An spórt féin anois ar aghaidh na bpiléar…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-06-08.