Barra Ó Donnabháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBarra Ó Donnabháin
Beathaisnéis
Breith1941
Bás2003
61/62 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmcolúnaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Colúnaí leis an nuachtán Irish Echo i Nua-Eabhrac ab ea Barra Ó Donnabháin (1941 – 2003). Scríobh sé colún seachtainiúil i nGaeilge dar teideal Macalla a phléigh leis an nGaeilge agus pobal na Gaeilge in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe.[1] D'aistrigh agus d'fhoilsigh Hilary Mhic Suibhne agus Eibhlín Zurell rogha dá chuid alt in imleabhar dar teideal Súil Siar: Cnuasach Aistí le Barra Ó Donnabháin in 2008. Scríobh sé freisin do Treoir, irisleabhar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, agus do na nuachtáin Foinse agus Saol. Léadh sé a cholún Gaeilge ón Irish Echo ar an gclár raidió seachtainiúil Míle Fáilte ar WFUV.[2] Mhúineadh sé an Ghaeilge freisin ag na deirí seachtaine a d’eagraigh Daltaí na Gaeilge.

Rugadh Ó Donnabháin in Iarthar Chorcaí, agus chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe i 1963, áit ar oibrigh sé mar innealtóir bogearraí.[2]

Léachtaí Uí Dhonnabháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2006, bhunaigh Glucksman Ireland House in Ollscoil Nua-Eabhrac Léacht Bliantúil Uí Dhonnabháin in ómós dá chuimhne agus an méid a rinne sé ar son na Gaeilge. Ba é an tOllamh Tomás Ó hÍde a thug an chéad léacht in 2006.[3] I measc na gcainteoirí sna blianta ina dhiaidh sin bhí Éamon Ó Cuív, TD,[4] Padraic Ó Ciardha,[5] Nuala Ní Dhomhnaill,[6] An tOllamh Alan Titley,[7] An Dr. Louis de Paor,[8] An tOllamh Brian Ó Conchubhair,[9] agus an tOllamh Breandán Mac Suibhne.[10]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Súil Siar, pp. 11-12.
  2. 2.0 2.1 Súil Siar, p. 298.
  3. Glucksman Ireland House”. Irelandhouse.fas.nyu.edu (2021-11-02). Dáta rochtana: 2021-12-16.
  4. Glucksman Ireland House”. Irelandhouse.fas.nyu.edu (2021-11-02). Dáta rochtana: 2021-12-16.
  5. Glucksman Ireland House”. Irelandhouse.fas.nyu.edu (2021-11-02). Dáta rochtana: 2021-12-16.
  6. Nuala Ní Dhomhnaill”. www.ricorso.net.
  7. Titley (2013). "The Hidden History of Irish Ireland: An stair nach n-instear". American Journal of Irish Studies 10: 75–91. 
  8. Archived copy”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-12-20. Dáta rochtana: 2016-03-06.
  9. "Ó Chúirt an Mheán Oíche go Cré na Cille: Greann na Gaeilge" – léacht Áras Glucksman / Nuacht24 — Nuacht1.com”. nuacht1.com.
  10. Barra Ó Donnabháin Lecture: Breandán Mac Suibhne” (30 January 2016).