Barbróg
Appearance
Berberis vulgaris | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | berberis dye (en) |
Planda | |
Cineál an toraidh | caor |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ranunculales |
Fine | Berberidaceae |
Treibh | Berberideae |
Géineas | Berberis |
Speiceas | Berberis vulgaris L., 1753 |
Tom duillsilteach nó síorghlas, dúchasach do réigiúin mheasartha ó thuaidh is i Meiriceá Theas is ea an bharbróg.[1] Péacáin fhada spíonta tríphointe, na duilleoga dealgach, go minic. Na bláthanna buí, flannbhuí nó scothdhearg. Na caora dearg, dubh, gorm, buí nó corcra, cruinn nó sorcóireach. Fástar cuid mhaith gnéithe mar mhaisiúchán, na gnéithe le duilleoga corcra go háirithe. Is óstach an bharbróg choiteann a bhíonn riachtanach i dtimthriall beatha an dúchain, galar gránbhairr. I dtíortha áirithe, sna Stáit Aontaithe go príomha, rinneadh iarracht an bharbróg choiteann a stoitheadh ó fhréamh chun an galar sin a chloí.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Berberis vulgaris” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Barbróg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 63.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |