Baile Mór Shíol Anmchadha
Baile Mór Shíol Anmchadha | ||||
---|---|---|---|---|
An Baile Mór (ga) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae na Gaillimhe | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 83 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1413595 |
Tá an Baile Mór[1] nó Baile Mór Síol Anmchadha (Lawrencetown as Béarla) suite i gContae na Gaillimhe in iarthar na hÉireann. Tuairim is 400 duine atá ina gcónaí ann. Tá sé suite ar bhóthar réigiúnach an R355 ar an taobh theas de Bhéal Átha na Sluaighe, naoi míle slí ón mbaile sin.
Bhí muintir Uí Mhadadháin i gceannas ar an gceantar fadó. D'eascair an sloinne ón bhfocal "madadh". Bhaineadar le munitr Uí Maine. Shíolraigh siad ó Mhadadhán, mac le Gadhra Mór a bhí ina rí ar Uí Maine ó 1014 go 1027. Maraíodh Madhadhán sa bhliain Madadhan 1008. Bhí muintir Uí Mhadadháin ina ríthe ar Shíol Anmchadha: bhaineadar neamhspleáchas amach i lár an 11ú céad. Is ionann Síol Anmchadha agus barúntacht an Longfoirt i gContae na Gaillimhe agus paróiste Lusmhaigh i gContae Uíbh Fhailí.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “An Baile Mór/Laurencetown | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |