Baictéarafagach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léiríonn an léaráid seo struchtúr baictéarafaigh thipiciúil.

Is víreas é baictéarafagacha, ar a dtugtar fagach freisin, a n-ionfhabhtaíonn baictéir agus a mhacasamhlaíonn laistigh de bhaictéir agus aircéigh. Díorthaíodh an téarma ó "baictéir" agus an Ghréigis φαγεῖν (phagein), rud a chiallaíonn "alpadh". Tá baictéarafagaigh comhdhéanta de phróitéiní a imchochlaíonn géanóm ADNARN, agus d'fhéadfadh struchtúir a bheith acu atá simplí nó ilchasta. Féadfaidh a ngéanóim a laghad agus ceithre ghéin (m.sh. Baictéarafagach MS2) a ionchódú agus suas leis na céadta géin. Macasamhlaíonn fagaigh laistigh den bhaictéar tar éis a ngéanóm bheith insteallta isteach ina chíteaplasma.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Baictéarafagach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 58.