Avram Hershko
Cuma
Bitheolaí a rugadh ar 31 Nollaig 1937 in Karkag na hUngáire is ea Avram Hershko. Leis an ainm Herskó Ferenc a rugadh é. Chuir sé faoi in Iosrael sa bhliain 1950. Bhain sé dochtúireacht amach in Iarúsailéim agus oibríonn sé anois leis an Technion in Haifa. Roinn sé Duais Nobel na Ceimice i 2004 le Aaron Ciechanover is Irwin Rose as a bhfionnachtain go bhfuil meicníocht ann chun próitéiní a dhíghrádú trí mheán úibicitine.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Avram Hershko". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 344.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- A léacht Nobel
- Suíomh ag an Technion Curtha i gcartlann 2013-03-27 ar an Wayback Machine
- Caint gairid le hAvram Hershko dar theideal "Ceachtanna ó Mo Shaol san Eolaíocht" Curtha i gcartlann 2013-10-29 ar an Wayback Machine
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann leis an hUngáir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |