Jump to content

Club Atlético de Madrid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Atletico Madrid)
Bosca Sonraí EagraíochtaClub Atlético de Madrid
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálclub sacair Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlísociedad anónima deportiva Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1903
Gníomhaíocht
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith spóirtPrimera División de España (2002–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad baileMetropolitano StadiumMaidrid (2017–). 70,460  Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtEnrique Cerezo Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhchóitseálaíDiego Simeone (2011–) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe531 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirMiguel Ángel Gil Marín (54.64%).
Wanda Group (en) Aistrigh (20%).
Enrique Cerezo (17.9%). Cuir in eagar ar Wikidata
Úinéir de
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán219 M€ (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Glanbhrabús3,944,920 € (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Sócmhainní iomlána617 M€ (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath          Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinatleticodemadrid.com Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: AtleticodeMadrid X: Atleti Instagram: atleticodemadrid TikTok: atleticodemadrid Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map
Éidí
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Baile
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
As baile
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Tríú éide
Dathanna: Bán - Dearg - Gorm


Club sacair i Maidrid na Spáinne is ea Club Atlético de Madrid, nó go simplí Atlético de Madrid. Faoi láthair imríonn siad sa Primera División de La Liga española de fútbol. Imríonn siad i staid Vicente Calderón, áit a bhfuil slí ann le haghaidh 55,000 duine. Tá an club ar cheann de na clubanna is rathúla i stair shacar na Spáinne, agus La Liga agus Copa del Rey buaite acu naoi n-uaire. Bhuaigh siad Corn na gCuradh sa bhliain 1962, bhí siad sa dara háit i gCorn na hEorpa sa bhliain 1974 agus bhuaigh siad an Corn Idir-Ilchríochach sa bhliain 1975. Sa bhliain 2010, cé nár éirigh go rómhaith leo sa Liga, bhí seans acu ar chraobh an Europa League. Rug siad an chraobh leo in Hamburg na Gearmáine in aghaidh Fulham F.C. ar 12 Bealtaine.

Tá cúpla leasainm orthu, ar nós Los Colchoneros nó "déantóirí tochtanna," toisc dathanna na foirne a bheith cosúil leis na seantochtanna. I rith na 1970í thugtaí Los Indios orthu. Dúradh ag an am go raibh an t-ainm seo orthu de bharr a raibh d'imreoirí ó Mheiriceá Theas san fhoireann, agus dúradh freisin gurbh é brí an ainm iad a bheith naimhdeach do Los Blancos (Real Madrid), foireann eile de chuid na príomhchathrach.