Athrú ar leibhéal na mara
Tugtar "eostatacht"[1] ar athrú ar leibhéal na mara, athruithe i leibhéil na farraige ar fud an Domhain i rith an 20ú céad, de thoradh leá na n-oighearchaidhpeanna ag na Moil agus mar sin de.
Réamhaisnéisí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig ardú 9.7 cm ar mheánleibhéal domhanda na mara idir 1993-2023 agus tá sé ag ardú i gcónaí ag ráta de 3.3mm in aghaidh na bliana. Agus tá an t‑ardú ar mheánleibhéal domhanda na mara ag tarlú níos tapúla; bhí an ráta seo ag méadú le 0.12±0.073mm gach bliain sa bhliain 2022.
Dúirt Painéal Idir-Rialtais ar Athrú Aeráide (nó PIRAA, eagraíocht na Náisiún Aontaithe) sa bhliain 2019 go bhféadfadh os cionn méadar d'ardú teacht ar leibhéal na farraige faoi dheireadh an chéid má leanann an méadú as cuimse ar líon na ngásanna nimhiúla.[2] Tá oighear ag an dá mhol ag leá ag ráta níos gasta agus níos suntasaí ná mar a ceapadh roimh 2019. D'fhéadfaimís 70% den talamh síorshioctha a chailleadh má leanann na leibhéil chéanna truaillithe ar aghaidh, de réir PIRAA. Scaoilfeadh an leá tuilleadh meatáin agus dé-oscaíde carbóin san atmaisféar, rud a chuirfeadh go mór le téamh domhanda. Tá farraigí an domhain ag éirí níos aigéadaí agus tá níos lú ocsaigine iontu ná riamh. sruthanna aigéin ag laghdú, go háirithe Sruth na Murascaille. Tá impleachtaí tromchúiseacha ag baint leis, in Éirínn ach go háirithe.
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féadfaidh ardú ar leibhéal na mara difear mór a dhéanamh do phobail i réigiúin chósta agus oileánda chomh maith le timpeallachtaí nádúrtha amhail éiceachórais mhuirí.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eostatacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 249.
- ↑ Irene Ní Nualláin (2019-09-25). ""Athrú aeráide le lorg anróiteach a fhágáil orainn"" (as ga).
- ↑ Seirbhís Mhuirí Copernicus (2023). "Atlas Eorpach na bhFarraigí" (ga-IE). ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2023-09-28.