Athmháthair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAthmháthair
Cineálleagan, eagrán, nó aistriúchán Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2023 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirÉabhlóid

Úrscéal le Michela Murgia é Athmháthair a aistríodh ó Accabadora a d'fhoilsigh Giulo Einaudi editore, Torino, sa bhliain 2009. Bhuaigh an bunsaothar an Premio Campiello, Duais Molinello, Duais Idirnáisiúnta Litríochta Mondello, Duais Cuneo don Chéad Úrscéal, Duais Viadana agus Duais Giuseppe Dessi san Iodáil.

Ba í Máire Nic Mhaoláin a d’aistrigh an leabhar go Gaeilge ón Iodáilis.

Creatlach an scéil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-úrscéal seo suite sa tSairdín, sna blianta 1950-1960 agus an tsochaí ag teacht as an mbochtaineacht i ndiaidh dhá chogadh dhomhanda, sean-nósanna á gcleachtadh go fóill, agus an teanga dhúchais i réim.

Bíonn Maria Listru, an ceathrú hiníon le baintreach bhocht, buíoch de Bonaria Urrai, a thugann abhaile léi í ina 'páiste anama' agus a thugann scolaíocht agus deis sa saol di. Ach tá diamhracht ag baint leis an tseanbhean bheagchainteach chéanna, agus scáil an fhaitís i súile an té a chasfaí di. Níl a fhios go fóill ag Maria go mbíodh Bonaria ag déanamh aibídí agus ag dul sna tithe ag tabhairt sóláis agus dea-bhás nuair is gá. Gur accabadora atá inti. Básadóir. Ina dhiaidh sin cuirtear ar aimsir í go teaghlach i gceantar eile.

Cé bith acu a bhí an accabadora ann tráth dáiríre, nó gan í ach ina pearsa bhéaloideasa a dtráchtfaí uirthi go fóill, tá saothar as an gcoiteann anseo ag údar Sardach, agus éachtaintí spéisiúla ar bhéascna pobail.

Léirmheastóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "Cruthaíonn an léiriú traidisiúnta béaloideasúil ar bhéascna pobail, blas den réaltacht dhraíochtúil os cionn an ábhair ar feadh an ama. Saothar cumasach atá in Athmháthair, an leagan Gaeilge seo de Accabadora." - Liam Mac Mathúna
  • "...ceann de na seoda a foilsíodh anuraidh agus ar an dara léamh, seoid fós í... Scéal fíorspéisiúil go deo... Tá an t-aistriúchán seo chomh paiteanta nádúrtha agus go gceapfá gur bunleabhar Gaeilge atá agat. Sárleabhar." Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie
  • "aistriúchán a shaibhríonn saol liteartha na Gaeilge." — Aonghus Ó hAlmháin, Smaointe Fánacha Aonghusa
  • "Tá an scéal seo go hiontach do léitheoir ar bith, is scéal den scoith é agus tá aistriúchán den scoith déanta air. Bhaineas an-taitneamh go deo as an leabhar seo - leabhar iontach agus aistriúchán den scoith." — Áine Ní Ghlinn, Tús Áite, Raidió na Gaeltachta