Jump to content

Áine Ní Ghlinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaÁine Ní Ghlinn

(2018) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1955
69/70 bliana d'aois
Contae Thiobraid Árann, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir litríocht pháistí, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Is scríbhneoir, file agus iriseoir í Áine Ní Ghlinn. Tá breis agus tríocha leabhar scríofa aici, ina measc bailiúcháin filíochta agus sraith leabhar agus úrscéalta do leanaí agus do dhéagóirí. Den chuid is mó, bíonn sí ag scríobh do dhaoine óga[1]. Ceapadh í ina Laureate na nÓg sa bhliain 2020,[2] an chéad uair a ceapadh údar Gaeilge sa ról náisiúnta sin.

Saol agus saothar

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Áine i gContae Thiobraid Árann sa bhliain 1955. D’fhás sí aníos i gCrois an Ghúlaigh i dTiobraid Árainn agus chuaigh sí ar Scoil Náisiúnta an Bhealaigh, áit a raibh a hathair ina phríomhoide. Cé nach Gaeilge amháin a bhí acu sa bhaile agus í ag fás aníos, bhí an Ghaeilge go mór chun cinn ann. Gaeilge Chonamara a bhí ag a hathair agus é as Béal Átha na Sluaighe ó dhúchas, ach chaith sé go leor ama i gConamara ina óige. Gaeilge na Mumhan a bhí ag a máthair.[3]

Chuaigh sí ar Chlochar na Toirbhirte i nDúrlas Éile agus ansin ar Choláiste Ollscoile Átha Cliath, áit ar bhain sí céim amach i nGaeilge agus i mBéarla. Ina dhiaidh sin, fuair sí Ard-Dioplóma san Oideachas.

Ar dtús, d'oibrigh sí mar mhúinteoir meánscoile. Ina dhiaidh sin chuaigh sí ar an London School of Journalism, áit a bhfuair sí Dioplóma san Iriseoireacht. Bhain sí céim M A. sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach amach in Ollscoil Lancaster.[4]

Sa lá atá inniu ann, scríobhann sí do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus RTÉ. Tá sí ar dhuine de na scríbhneoirí ar an seó teilifíse Ros na Rún.[5] 

Bíonn sí ag teagasc na scríbhneoireachta cruthaithí do gach aois, go háirithe sna Gaelscoileanna.[6] Treoraíonn sí ceardlanna do mhúinteoirí ar an Ghaeilge agus sa litríocht.[7] Ábhair dheacair iad cuid de na topaicí a chlúdaíonn sí ina cuid filíochta, cosúil le mí-úsáid leanaí.[8][9]

Cónaíonn sí i mBaile Átha Cliath.

Cnuasaigh filíochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • An Chéim Bhriste (Coiscéim, 1984)
  • Gairdín Pharthais (Coiscéim, 1988)
  • Deora Nár Caoineadh/Unshed Tears (The Dedalus Press/Coiscéim, 1996).
  • Tostanna (Coiscéim, 2006)
  • An Guth Baineann (LeabhairCOMHAR, 2013)
  • Rúin Oscailte (Coiscéim, 2021)

Saothair neamhfhicsin do dhéagóirí 

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Mná as an nGnáth (An Gúm, 1990)
  • Daoine agus Déithe (An Gúm, 1996)

Saothair neamhfhicsin don bhfoghlaimeoir fásta

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Fadó riamh... Ag an tús (LeabhairCOMHAR)

Ficsean do pháistí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an leabhar Daifní Dineasár a d’fhoilsigh The O’Brien Press sa mbliain 2001 an chéad leabhar do pháistí dá cuid a foilsíodh.

Go gairid i ndiaidh an chéad leabhair sin, d’fhoilsigh An Gúm an dara leabhar do pháistí léi, An Leaba Sciathánach.  Tháinig cuid den inspioráid don leabhar sin ón tsraith leabhar The Bed That Went Whoosh! le Bernard Shaw agus William Bolger a foilsíodh sna 1960idí. Léigh sí an leagan Gaeilge den tsraith a bhí aistrithe go Gaeilge faoin teideal An Leaba a d’Imigh HÚIS!.[3]

  • Daifní Díneasár (O’Brien Press)
  • Moncaí Dána (O’Brien Press)
  • Lámhainní Glasa (O’Brien Press)
  • Éasca Péasca (O’Brien Press)
  • Thar an Trasnán (O’Brien Press)
  • Céard tá sa Bhosca (An Gúm)
  • Glantachán Earraigh (An Gúm)
  • Madra Meabhrach (Cois Life)
  • Cuairteoir (Cois Life)
  • Úbalonga (Cois Life), (Séideán Sí)
  • Hata Zú Mhamó (Cois Life, 2016)
  • An Múinteoir Nua (An Gúm)

Ficsean do dhéagóirí

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Fuadach (Cois Life)
  • Tromluí (Cois Life)
  • Daideo (Cois Life, 2014)

Pictiúrleabhair do pháistí

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Nílim ag Iarraidh dul ar Scoil (LeabhairCOMHAR)
  • Cinnín Óir agus na Trí Bhéar (An Gúm, 2017)
  • Hata Oisín (LeabhairCOMHAR)
  • Daidí na Nollag (An tSnáthaid Mhór)
  • Ag Buzzáil sa Gháirdín (An tSnáthaid Mhór)
  • Óstán na bhFeithidí (An tSnáthaid Mhór)
  • Na Trí Mhuicín (Futa Fata, 2024)

Filíocht do pháistí

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Brionglóidí agus aistir eile (Cló Mhaigh Eo)
  • Bronntanais agus féiríní eile (Cló Mhaigh Eo)
  • Duanaire Naithí (eagarthóir; Coiscéim 2005)
  • Duanaire na Camóige (eagarthóir; Coiscéim, 2006)

Drámaíocht do pháistí

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Éaló ón Zú (Cló Mhaigh Eo)
  • Cochaillín Dearg – dráma véarsaíochta do bhunranganna (An Gúm)

Tuilleadh léitheoireachta

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Imirce agus féiniúlacht sa 20ú hAois agus comhaimseartha i litríocht na Gaeilge
  • Cultúr ceilteach: Aberdeen breviary-celticism, Imleabhar 1 den Celtic Cultúr: A Stairiúil Chiclipéid, John T. Koch, ABC-CLIO, 2006, ISBN 18510944071851094407, ISBN 97818510944009781851094400
  • Is fearr filíocht Ghaeilge 2007, Maurice Riordan, Colm Breathnach, Southword Editions, 1 eanáir, 2006
  • An Scríbhneoir Éireannach agus ar fud an Domhain, Declan Kiberd, Cambridge University Press, 11 Lúnasa 2005
  • Réamhrá Liam Mhic Amhlaigh don leabhar An Guth Baineann (LeabhairCOMHAR, 2013)
  1. "Literature in Irish – The Irish Revival and Aftermath".
  2. "‘Tá sé an-tábhachtach go mbeadh daoine óga ag léamh i nGaeilge ar son an phléisiúir’ – Áine Ní Ghlinn ceaptha ina Laureate na nÓg" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-05-29.
  3. 3.0 3.1 Bridget Bhreathnach (18 Aibreán 2024). "Mac Pheig Sayers, dineasáir is muicíní – foilsiú a 30ú leabhar Gaeilge do pháistí á cheiliúradh ag Áine Ní Ghlinn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-18.
  4. Ann Owens Weekes (1993). "Unveiling treasures: the Attic guide to the published works of Irish women literary writers : drama, fiction, poetry". Attic Press. 
  5. Angela Bourke (2002). "The Field Day Anthology of Irish Writing". NYU Press. 
  6. "Áine Ní Ghlinn | Poetry Ireland". www.poetryireland.ie. Dáta rochtana: 2020-05-29.
  7. "Áine Ní Ghlinn | Poetry Ireland". www.poetryireland.ie. Dáta rochtana: 2020-05-29.
  8. Victoria White. "Secrets and lies" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-05-29.
  9. "Áine Ní Ghlinn" (ga-IE). Cois Life. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-22. Dáta rochtana: 2020-05-29.