Aremorica
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
![]() ![]() | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Sonraí stairiúla | ||||
Leanann sé/sí | Impireacht na Róimhe Thiar ![]() | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||

Is í Aremorica, Armarc, Armoiric na Gaille nó Letha (Laidin: Armorica; Briotáinis: Arvorig; Fraincis: Armorique) an t-ainm a thugtar ar an gcuid den Ghaill idir an tSéin agus an Loire, agus a chuimsíonn Leithinis na Briotáine, ag síneadh intíre go dtí pointe éiginnte agus síos chósta an Atlantaigh. Ba é an seanainm Rómhánach a bhíodh ar réigiún na Gaille. B’ionann é, a bheag nó a mhór, agus an Bhriotáin sa lá atá inniu ann.
I dteangacha Ceilteacha na nOileán sna meánaoiseacha, baineadh úsáid as an téarma Ceilteach *Litauia, a chiallaíonn 'Tír' (ó bhun-Phróta-Cheilteach *Litauī ''), chun an Bhriotáin a ainmniú. Leithinis,
Logainm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is foirm Laidine í an t-ainm Armorica den logainmníocht Gallach Aremorica, a chiallaíonn go litriúil 'áit os comhair na farraige'. Tagann an t-ainm ón nGaillis Aremorici, a chiallaíonn ‘iad siúd a chónaíonn cois farraige’. Cruthaíodh é leis an réimír are- ('os comhair') ceangailte le -mori- ('farraige') agus an iarmhír bhaininscneach -(i)cā, rud a léiríonn an suíomh (nó an bhunáit).
Tionchar chultúrtha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá na húrscéalta grafacha Na Draoithe suite in Armarc na 5ú haoise.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Colmán Ó Raghallaigh (2025-02-24). "Scéal dea-scríofa cumasach a choinníonn ar bís sinn ó thús go deireadh". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-27.
![]() | Is síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |