Ardeaglais San Anna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ardeaglais San Anna

Eaglais i Sráid Donegall i mBéal Feirste is ea Ardeaglais San Anna (Ardeaglais Bhéal Feirste uaireanta, Béarla: St. Anne's Cathedral). Suíomh dhá dheoise de chuid Eaglais na hÉireann í, rud is annamh, agus mar sin tá dhá easpag lonnaithe inti. Is é Coinnire deois amháin den bheirt a bhfuil an ardeaglais mar shuíomh acu. An Dún agus an Droim Mhór an deois eile. Cuireadh tús lena tógáil sa bhliain 1899 agus críochnaíodh í sa bhliain 1904.

Ba bheag nár leag buama Gearmánach an foirgneamh sa bhliain 1941. Sa bhliain 2007 cuireadh spuaic chruach dhosmálta 40 méadar ar airde ar an eaglais ar a dtugtar "Spuaic an Dóchais" agus a gcuirtear solas uirthi istoíche. Ceathrú na hArdeaglaise a thugtar ar an gceantar de Bhéal Feirste ina bhfuil an eaglais suite.

Spuaic na hardeaglaise

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]