Ard-Chúirt (Éire)
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Sonraí | |
---|---|
Cineál | cúirt |
In Éireann, déileálann an Ard-Chúirt (Béarla: The High Court) leis na cásanna sibhialta agus coiriúla is tromchúisí agus is tábhachtaí ag an gcéad chéim, agus gníomhaíonn sí freisin mar chúirt achomhairc i gcásanna sibhialta as an gCúirt Chuarda. Tá an chumhacht aici cinneadh a dhéanamh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil dlí bunreachtúil freisin, agus athbhreithniú breithiúnach a thionscnamh ar gníomhartha an rialtais agus comhlachtaí poiblí eile.
Bunaíodh an Ard-Chúirt faoi Airteagal 34 de Bhunreacht na hÉireann, agus deonaíonn an Bunreacht "lándlínse bhunaidh, agus cumhacht chun breith a thabhairt, i ngach ní agus ceist dlí nó fíorais cibé sibhialta nó coiriúil iad" chomh maith leis an gcumas chun a chinneadh " bail a bheith nó gan a bheith ar aon dlí áirithe ag féachaint d'fhorálacha an Bhunreachta" Is é an tUachtarán an duine a cheapann na breithiúna.
Mar sin féin, mar a bhíonn ag beagnach gach cumhacht bhunreachtúil a bhíonn ag an Uachtarán, déantar na ceapacháin faoi réir "chomhairle an Rialtais". Go praiticiúil, ciallaíonn sé seo go n-ainmníonn an rialtas na breithiúna agus ceadaíonn an tUachtarán iad go huathoibríoch.
Tá uasmhéid de 40 gnáthbhreitheamh Ard-Chúirte, cé go mbíonn Uachtarán na Cúirte Cuarda, Uachtarán na Cúirte Achomhairc agus an Príomh-Bhreitheamh ina gcomhaltaí ex officio den chúirt chomh maith. De ghnáth, éisteann breitheamh amháin cás amháin, ach is féidir le hUachtarán na hArd-Chúirte a ordú go n-éistfear cásanna áirithe le trí breitheamh ina suí le chéile - tugtar roinnchúirt uirthi mar dhea.
De ghnáth, éistear cásanna sibhialta i bhfoirgneamh na gCeithre Cúirteanna agus cásanna coiriúla sna Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla i mBaile Átha Cliath, cé go mbíonn an chúirt ag suí go rialta lasmuigh den phríomhchathair.
Tháinig an Breitheamh Richard Johnson i gcomharbacht ar an Breitheamh Onórach, an tUasal Joseph Finnegan mar Uachtarán na hArd-Chúirte i mí na Nollag 2006, agus tháinig an Breitheamh Onórach, an tUasal Nicholas Kearns i gcomharbacht uirthi i mí Dheireadh Fómhair 2009 [1]. Is é an tUasal Peter Kelly an tUachtarán ar an gCúirt faoi láthair. Ba í Mella Carroll an chéad bhean a sheirbheáil ar an gcúirt, sé sin idir 1980 agus 2005.
Breithiúna na hArd-Chúirte
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An tOnórach an Breitheamh Peter Kelly,(Uachtarán na hArd-Chúirte)
- An tOnórach an Breitheamh Michael Moriarty
- An tOnórach an Breitheamh Paul Butler
- An tOnórach an Breitheamh Michael Hanna
- An tOnórach an Breitheamh Brian McGovern
- An tOnórach an Breitheamh Patrick J. McCarthy
- An tOnórach an Breitheamh Michael White
- An tOnórach an Breitheamh Kevin Cross
- An tOnórach an Breitheamh Paul McDermott
- An tOnórach an Breitheamh Iseult O'Malley
- An tOnórach an Breitheamh Anthony Barr
- An tOnórach an Breitheamh David Keane
- An tOnórach an Breitheamh Marie Baker
- An tOnórach an Breitheamh Max Barrett
- An tOnórach an Breitheamh Bronagh O'Hanlon
- An tOnórach an Breitheamh Bernard Joseph Barton
- An tOnórach an Breitheamh Deirdre Murphy
- An tOnórach an Breitheamh Brian Cregan
- An tOnórach an Breitheamh Caroline Costello
- An tOnórach an Breitheamh Aileen Donnelly
- An tOnórach an Breitheamh Seamus Noonan
- An tOnórach an Breitheamh Mary Faherty
- An tOnórach an Breitheamh Tony Hunt
- An tOnórach an Breitheamh Carmel Stewart
- An tOnórach an Breitheamh Donald Binchy
- An tOnórach an Breitheamh Robert Eagar
- An tOnórach an Breitheamh Robert Haughton
- An tOnórach an Breitheamh Isobel Kennedy
- An tOnórach an Breitheamh Mary Ellen Ring
- An tOnórach an Breitheamh Tony O'Connor
- An tOnórach an Breitheamh Richard Humphreys
- An tOnórach an Breitheamh Michael Twomey
- An tOnórach an Breitheamh Miriam O'Regan
- An tOnórach an Breitheamh Paul Coffey
- An tOnórach an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh
- An tOnórach an Breitheamh Leonie Reynolds
- An tOnórach an Breitheamh Eileen Creedon
- An tOnórach an Breitheamh Charles Meenan
- An tOnórach an Breitheamh David Barniville
- An tOnórach an Breitheamh Michael MacGrath
- folúntas x 1
Ex officio:
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Príomh-Bhreitheamh, an tOnórach an Breitheamh Frank Clarke
- An tOnórach an Breitheamh Sean Ryan, Uachtarán na Cúirte Achomhairc
- An tOnórach an Breitheamh Raymond Groarke, Uachtarán na Cúirte Cuarda