Arbatráiste

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Arbatráiste staitistiúil le dhá stoc

Aistriú neamh-amhantrach cistí ó mhargadh amháin go margadh eile is ea arbatráiste,[1] chun tairbhe a bhaint as difríochtaí i rátaí úis, i rátaí malairte, nó i bpraghsanna tráchtearraí idir dhá mhargadh.[2] Bíonn an t-aistriú neamh-amhantrach mar nach n-athróidh arbatráisteoir ó mhargadh amháin go margadh eile ach nuair is eol dó na rátaí nó na praghsanna sa dá mhargadh agus nuair is mó an brabús atá le déanamh ná costais na hoibríochta.

Arbatráiste triantánach

Cineálacha éagsúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Arbatráiste geografach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cleachtas trádála lena gceannaítear earraí, urrúisairgeadra, srl i margadh geografach amháin chun é a dhíol i gceann eile áit a bhfuil praghas níos airde le fáil air.

Arbatráiste coinbhéirseach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-arbatráisteoir ag súil le coinbhéirseacht sa mheán, nó cúlú ar an meán de ghnáth.

Arbatráiste ar na margaí airgeadais

Arbatráiste íoc is iompair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Straitéis trádála arbatráiste i margaí (tráchtearraí nó airgeadais de ghnáth) trína socraítear réamhphraghsanna agus praghsanna todhchaíochtaí a bheith cothrom leis an spotphraghas reatha móide na costais a bhaineann lena thabhairt ar aghaidh go dtí am seachadta.

Arbatráiste triantánach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gníomhaíocht chun buntáiste a ghnóthú de bharr na difríochta i gcás nach ionann na praghsanna sa mhargadh agus an praghas ba chóir a bheith ann le cothromaíocht.[3]

Arbatráiste úis faoi chumhdach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Infheistíocht in urrús margaidh airgid eachtrannaigh agus réamhdhíol comhuaineach an airgeadra ina bhfuil an t-urrús sin ainmnithe.

táille shiarchuir

Arbatráiste rialála[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): arbatráiste” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-12.
  2. ""arbatráiste"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-12-26.
  3. ""arbatráiste triantánach"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-12-28.