Apeirogon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Colum McCann

Úrscéal de chuid Colum McCann, foilsithe sa bhliain 2020 is ea Apeirogon.

An scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ficsean polaitiúil atá sa scéal seo, lonnaithe sa mhéanoirthear i bPalaistín/Iosrael. Tá an scéal bunaithe ar beirt fhir, Palastíneach agus Iosraelach.

Eascráionn nasc láidir eatarthu de bharr bás a dhá hiníonacha, páiste amháin lámhaithe ag saighdiúir iosraelsach san Bhruach Thiar agus an chailín eile mairithe ag pléasc féinmharfach.

Tar éis seacht mbliana mar chéimigh agus bás a iníon chaitheann Bassam, an Palastíneach bliain i Sasana ag déanamh staidéar ar an uileloscadh agus in ainneoin chuile rud bíonn tuiscint aige do chás na hIosraelaithe. Ar an taobh eile, tá comhbhá ag Rami, an Iosraelach, do chás na bPalaistíneach. Bíonn tionchar mór ag a bhean chéile agus a athar cleamhnais ar tuairimí Rami. Taistlíonn an bheirt an domhan mór ag cur a scéalta i láthair. Is ar an gcaidrimh seo ata an scéal bunaithe ach dar ndóigh tá scéal samhlaíoch, cruthaitheach agus fairsing tógtha ar na mbunchlocanna seo. Dár le cuid de na léirmheastóirí dfhéadfadh an scéal cruthaitheach seo tionchar a bheith aige ar todhchaí an Mheánoirthir.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]