Aonaid radaighníomhaíochta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tomhaistear gníomhaíocht foinse radaighníomhaí i mbeicireil (Bq), an líon a dhíscaoiltear in aghaidh an tsoicind, in onóir d'Antoine Becquerel a d'fhionn an feiniméan seo i 1896. Bíonn luachanna difriúla fuinnimh ag na cáithníní is na radaíochtaí difriúla a astaítear. Nuair a théann an radaíocht seo isteach in ábhar eile, ábhar bitheolaíoch, mar shampla, ionsúnn an t-ábhar sin fuinneamh ón radaíocht. Luaitear an oiread fuinnimh a ionsúitear ón astaíocht radaighníomhach ag ábhar mar an dáileog ionsúite, a thomhaistear i ngraeanna (Gy). Ní hionann an t-idirghníomhú nó an dochar a dhéanann na hastaíochtaí uile, fiú más ionann an fuinneamh iomlán a ionsúnn an t-ábhar: mar shampla, bíonn alfa-cháithníní 20 oiread níos dochraí d'fhíocháin bhitheolaíocha ná béite-cháithníní. Cuirtear an ghné seo san áireamh le haonad na coibhéise dáileogaí, a dtugtar an síveart (Sv) air, arb ionann é is an dáileog ionsúite (Gy) iolraithe faoi éifeacht bhitheolaíoch choibhneasta (RBE, le luach 20 ag alfa-cháithníní, 10 ag neodróin, agus 1 ag béite-cháithníní, gáma-ghathanna is X-ghathanna) astaíochta ar leith. Luaitear teorainneacha radaíochta d'ionaid oibre is an comhshaol i sívirt.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Aonaid radaighníomhaíochta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 44.