Anton Janša

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAnton Janša

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Bealtaine 1734
Breznica Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Meán Fómhair 1773
39 bliana d'aois
Vín Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadamh na Mínealaíon, Vín Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePéintéireacht, beachaireacht agus oideachas
Suíomh oibre Vín Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmbeachaire, péintéir, míoleolaí, feithideolaí, múinteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn tSlóivéinis agus an Ghearmáinis
Péinteáil coirceoige. Coirceog Anton Janša, Breznica, an tSlóivéin.

Bhí Anton Janša (c. 20 Bealtaine 1734 – 13 Meán Fómhair 1773) ina phéintéir agus ina bheachaire Carnaiolach. Tá aithne ar Janša mar cheannródaí na beachadóireachta nua-aimseartha, agus mar shaineolaí iontach sa réimse. Cuireadh oideachas air mar phéintéir, ach bhí sé fostaithe mar mhúinteoir beachadóireachta i gcúirt Hapsburgach i Vín.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Anton Janša do thuismitheoirí SlóivéineachaBreznica, Carniola, (sa tSlóivéin anois). Ní fios a dháta breithe cruinn, áfach, baisteadh é ar 20 Bealtaine 1734.[1] Ag aois óg léirigh Janša, mar aon lena bheirt dheartháireacha, suim mhór sa phéintéireacht (bhí stiúideo acu ina scioból) agus chuaigh an triúr deartháireacha, in ainneoin go raibh siad neamhliteartha, go Vín agus chuaigh siad isteach in acadamh na bpéintéirí ann. Chríochnaigh a dheartháir Lovro a chuid staidéir san acadamh agus rinneadh ollamh de, ach d'ainneoin tallainne péintéireachta, fuair Anton amach go luath go raibh a fhíor-spéis sa bheachaireacht. Tháinig a shuim go luath, mar bhí breis is céad coirceog ag a athair sa bhaile agus chruinníodh feirmeoirí comharsanacha ag an sráidbhaile agus phléadh siad feirmeoireacht agus beachaireacht. Sa bhliain 1769 thosaigh sé ag obair go lánaimseartha mar bheachaire agus bliain ina dhiaidh sin ba é an chéad mhúinteoir beachaireachta a ceapadh go ríoga do thailte uile na hOstaire. Choinnigh sé beacha sna gairdíní impiriúlacha (Augarten ) agus thaistil sé timpeall na hOstaire ag cur a chuid tuairimí i láthair maidir le coirceoga a bhogadh go féarach éagsúla. Fuair sé bás i Vín .

Tábhacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain sé cáil amach as a léachtaí inar léirigh sé a chuid eolais ar bheacha. Scríobh sé dhá leabhar i nGearmáinis freisin: Abhandlung vom Schwärmen der Bienen (Plé ar Bheachaireacht, 1771) agus Vollständige Lehre von der Bienenzucht ((Treoir Iomlán maidir le Beachaireacht). Foilsíodh an dara ceann i 1775, tar éis a bháis. Ina shaothar in 1775 thug sé faoi deara: “Is cineál cuileog, díograiseach iad na beacha, cruthaithe ag Dia chun gach mil agus céir a sholáthar do dhuine. I measc neacha Dé go léir níl aon duine chomh dícheallach agus chomh húsáideach don duine, a bhfuil chomh beag aire ag teastáil chun é a choinneáil, mar an bheach." D'eisigh an Banimpire Maria Theresia forógra tar éis bhás Janša ag cur iallach ar gach múinteoir beachadóireachta a chuid leabhar a úsáid.

Coirceog Janša i Breznica

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Taufbuch – Radovljica" (1732–1740). Dáta rochtana: June 29, 2021.